Seans go mbeidh Kylian Mbappé ar díol an samhradh seo agus tá Manchester United ar cheann de na príomhchlubanna atá á lua chun é a fháil.
Dúirt Mbappé le Paris St-Germain nach mbeidh sé ag athnuachan a chonradh níos faide anonn an bhliain seo chugainn – ach tá sé ag iarraidh fanacht le haghaidh an séasúr sin.
Mar sin féin, má ligeann siad dó fanacht ar feadh bliana agus ansin imeacht, caillfidh seaimpíní na Fraince é ar aistriú saor in aisce (free transfer) mar go mbeidh a chonradh críochnaithe.
Chiallódh sé sin go gcaillfidís €180 milliún níos lú ná mar a d’íoc siad dó in 2017.
Mar sin is dócha go ndéanfaidh siad iarracht é a dhíol i mbliana agus ceann den bheagán clubanna is dócha a dhéanfaidh iarracht é a fháil is iad Manchester United.
Tá tosaí (striker) maith á lorg ag Manchester United an samhradh seo agus tá siad i measc an chúpla club sa Premier League a bhfuil an t-airgead acu chun é a cheannach.
Tá éiginnteacht fós ann maidir le húinéireacht an chlub sa todhchaí, áfach, le Sheikh Jassim bin Hamad Al Thani agus Jim Ratcliffe ag fanacht le fáil amach an nglacfaidh na Glazers le ceachtar den dá thairiscint chun an club a cheannach.
Tá tosaíocht (priority) tugtha ag an mbainisteoir Erik Ten Hag ról an ‘Numer 9’ a líonadh, le captaen Shasana Kane ina rogha má léiríonn cathaoirleach Spurs Daniel Levy go bhfuil sé sásta é a dhíol do chlub sa Premier League.
D’fhéadfadh roinnt clubanna eile sa Premier League iarracht a dhéanamh Mbappé a fháil – tá an airgead ag Manchester City ach
d’fhéadfadh go mbeadh Liverpool, Arsenal agus Newcastle ag streachailt leis an gcostas a bhaineann le haistriú den sórt sin a íoc.
Tá Mbappé, 24, tar éis 212 cúl a scóráil agus 98 cúnaimh (assists) tugtha aige i 260 cluiche ó tháinig sé isteach i PSG ó Monacó, ar iasacht ar dtús, sé bliana ó shin - ag buachan cúig theideal sraithe i measc a 13 trófaithe baile leis an gclub.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.