Moltar do dhaoine atá ag dul ar saoire, árachas (insurance) ar leith a fháil, ar eagla go gcuirfí a n-eitilt ar ceal mar gheall ar stailc (strike) nó agóid.
Réimse eile is ea an aimsir eisceachtúil ar gá iad a chur faoi árachas.
Tá foláireamh tugtha freisin go mb’fhéidir nach gclúdaíonn árachas taistil iad siúd a chailleann eitiltí mar gheall ar scuainí slándála (security queues) aerfoirt.
Le cúpla mí anuas, cuireadh moill ar ghníomhaíocht thionsclaíoch san Iodáil, sa Bheilg, sa Phortaingéil agus sa Fhrainc agus cuireadh na mílte eitilt ar ceal.
Tá go leor fostaithe míshásta le leasuithe pinsin, nó nach bhfuil boilsciú (inflation) ard ar aon dul le pá chun na billí a íoc.
Bhí faoiseamh éigin inné do roinnt atá ag taisteal, mar gheall ar an cheardchumann Unite sa Bhreatain a chur siar stailc a bhí faoi bhagairt tar éis tairiscint pá feabhsaithe.
Scéal eile: ‘Data centres’ ag úsáid an oiread cumhachta agus ‘urban homes’
Tá comhairle tugtha ag saineolaithe ag Peopl Insurance (Peopl.ie) dóibh siúd atá ag taisteal thar lear, coinníollacha agus teorainneacha a bpolasaithe árachais taistil maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch, corraíl shibhialta, imeachtaí aimsire agus scuainí fada slándála aerfoirt a sheiceáil agus a thuiscint.
Scéal eile: Tá sí beo! Bhuail bean ‘marbh’ ar a ‘coffin’ le linn a ‘wake’
Dúirt ceannaire Peopl Paul Walsh: ‘Tá stailceanna – lena n-áirítear rialú aerthráchta, láimhseáil bagáiste aerfoirt, slándáil aerfoirt agus stailceanna traenach– tar éis dul i bhfeidhm go mór ar phleananna taistil daoine le seachtainí agus míonna anuas.’
Dúirt an tUasal Walsh gur cheart do lucht saoire a bheith aireach freisin ar mhéadaithe na n-imeachtaí aimsire eisceachtúil, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá gcuid saoire.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.