Tá beirt fhear tagtha os comhair cúirte i gCo Aontroma agus iad cúisithe tar éis bás Chloe Mitchell, 21 bliain d'aois, a chuaigh as radharc i gCo. Aontroma an tseachtain seo caite.
Tá Brandon John Rainey, 26, dífhostaithe, as Sráid Shéamais sa Bhaile Meánach, cúisithe i ndúnmharú Chloe Mitchell am éigin idir 2 Meitheamh agus 5 Meitheamh.
Tá Ryan Johnston Gordon, 34, cúntóir cúraim ó Nursery Close, An Baile Meánach (Ballymena), cúisithe as cúnamh a thabhairt do chiontóirí ar na dátaí céanna.
Dúradh sa chúirt go raibh deacrachtaí suntasacha meabhairshláinte ag an Uasal Rainey agus gur scitsifréine paranóideach (paranoid schizophrenic) a bhí ann.
D'iarr aturnae go ndéanfaí é a athchur chuig aonad slán meabhairshláinte le haghaidh measúnú leighis (medical assessment).
Ach dúirt cigire bleachtaireachta gur éalaigh sé as an áis trí huaire agus d'athchuir an breitheamh an tUasal Rainey go príosún.
Dúirt sé go bhféadfaí an measúnú a dhéanamh ansin. Cuireadh faoi choimeád é go dtí an 6 Iúil.
Dúirt aturnae don Uasal Gordon go raibh ‘deacrachtaí meabhairshláinte’ ag a chliant freisin.
Ní raibh aon iarratas ar bhannaí (bail) ag an am, agus athchuireadh faoi choimeád é agus d’fhéadfadh iarratas ar bhannaí a dhéanamh ar an 20 Meitheamh.4
Chonacthas Ms Mitchell go deireanach ar CCTV go luath ar an 3 Meitheamh i lár baile an Bhaile Mheana.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.