Tá dronga drugaí (drug gangs) ag baint úsáide as na meáin shóisialta (social media) chun leanaí chomh hóg le 14 bliana d’aois a mhealladh mar ‘money mules’, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.
Úsáidtear iad chun airgead a sciúradh (laundering) go mídhleathach.
Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe go bhfuil na coirpigh (criminals) ag nascadh le daoine óga ar aipeanna mar TikTok agus Instagram chun a chur ina luí orthu páirt a ghlacadh sna coireanna.
Úsáidtear iad ansin mar ‘money mules’.
Osclaíonn siad cuntais ag baint úsáide as airgead ó choireanna, agus ansin aistríonn siad an t-airgead go cuntais eile, áit ar féidir leis na coirpigh é a fháil.
Go minic bíonn na cuntais eile i dtíortha thar lear.
Tá cuntais bhainc intíre (domestic) chomh maith le cuntais bhainc ar líne á n-úsáid chun na híocaíochtaí a éascú.
Agus tá go leor daoine fásta á gcathú freisin le bheith ina ‘money mules’ mar gheall ar an gcostas ard atá fós ag ardú go tapa ar bhia agus ar fhuinneamh.
Mar sin féin, is é an t-aoisghrúpa 18-24 is mó atá I gceist, dar leis na Gardaí, ach tá leanaí chomh hóg le 14 gafa sa phróiseas.
Dúirt Niamh Davenport, ceannaire calaoise ag an Banking and Payments Federation of Ireland, go bhfuil fógraí feicthe aici ag iarraidh daoine a mhealladh le bheith ina ‘money mules’.
‘Tá leanaí chomh hóg le 14 bliana d’aois feicthe againn ag gabháil don chalaois seo. Tá siad dírithe ar ardáin na meán sóisialta. Tá fógraí soiléire amuigh ansin ag fiafraí de dhaoine an dteastaíonn uathu “airgead a fháil go tapa”.
‘De ghnáth is iad an grúpa 18-24 a bhíonn páirteach ann ach mar a dúirt mé tá leanaí i bhfad níos óige feicthe agam a dhéanamh freisin. Tá cuid acu ag streachailt mar mhic léinn agus d'fhéadfaidís a bheith faoi bhrú mar gheall ar easpa airgid, mar go bhfuil a gcíos an-ard nó nach féidir leo post a fháil a oireann dá n-uaireanta.
Tá foláireamh tugtha ag Gardaí freisin faoin fhadhb, rud a d’fhág gur tugadh daoine os comhair na gcúirteanna.
Dúirt urlabhraí do TikTok go gcaithfidh gach duine a úsáideann an aip cloí lena threoirlínte a shonraíonn nach gceadaíonn sé ábhar a léiríonn nó a chuireann calaois ar fáil.
Dúirt Meta, ar leis Facebook agus Instagram, go bhfuil polasaí acu cosc a chuir ar fhógraí a chuireann cleachtais mhíthreoracha chun cinn.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.