Tabharfar deontais níos airde d’úinéirí tí ar na hoileáin - suas go dti €84,000 atá ag iarraidh tithe tréigthe (derelict) a athchóiriú (renovate), faoi phleananna nua.
Beidh an t-uasdeontas 20% níos airde d’oileánaigh, rud a chiallaíonn gur féidir leo leas a bhaint as €60,000 i gcomparáid le €50,000 dóibh siúd ar an mórthír.
I gcás réadmhaoine tréigthe, beidh an deontas suas le €84,000 i gcomparáid le €70,000 ar an mórthír.
Tiocfaidh sé seo i bhfeidhm ón 1 Iúil agus cuirfear i bhfeidhm go cúlghabhálach é ar aon iarratais atá ann cheana féin.
Tagann an t-athrú agus an Rialtas tar éis polasaí oileáin náisiúnta nua a thabhairt chun críche le 80 gealltanas maidir le tithíocht, sláinte, oideachas agus leathanbhanda.
Mar chuid thábhachtach den phlean beidh athruithe móra ar an scéim deontas réadmhaoine folmha, ar a dtugtar Croí Cónaithe freisin.
Áiríonn an plean gealltanais go gcuirfear áiseanna cianoibre (remote working facilities) ar fáil do gach pobal oileánda le cur ar chumas daoine cónaí agus oibriú ann, chomh maith le €2 milliún do mhionoibreacha caipitil ar oileáin amach ó Dhún na nGall, Shligigh, Mhaigh Eo, Ghaillimh agus Chorcaigh.
Tuigtear go ndéanfar athbhreithniú ar threoirlínte pleanála tuaithe sna seachtainí amach romhainn tar éis ghearáin ó phobail na n-oileán faoi dheacrachtaí maidir le cead pleanála a fháil do thithíocht.
Deir foinsí go bhfuil na sonraí is míne fós á mbreithniú, ach go bhfuil sé mar aidhm tógáil níos fusa i gceantair oileánda.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.