Tá beirt fhear cúisithe i ndiaidh marú amhrasta (suspected) Chloe Mitchell, a bhí 21 bliain d'aois, agus a bhí imithe as radharc (disappeared) i gCo. Aontroma.
Tá bleachtairí ó Fhoireann Imscrúdaithe Mór (Major Investigation Team) an PSNI i ndiaidh fear atá 26 bliain d'aois a chúiseamh as dúnmharú agus fear atá 34 bliain d'aois a chúiseamh as cúnamh a thabhairt do chiontóirí (offenders).
Bhí an bheirt fhear le teacht os comhair Cúirt Dúiche an Bhaile Mhóir (Ballymena Magistrates' Court) ar maidin inniu.
Chonacthas Ms Mitchell go deireanach ar CCTV go luath ar an 3 Meitheamh i lár baile an Bhaile Mheana.
Thosaigh bleachtairí ag fiosrú faoina bás tar éis gur thángthas ar chorp daonna sa Bhaile Meánach.
Cuireadh tródam (cordon off) árasán i gceantar Shráid Shéamais sa Bhaile Meánach.
Bhí cuardaigh ar siúl cois abhainn Braid sa bhaile i gCo Aontroma thar an deireadh seachtaine.
Bhí suas le 80 oibrí deonach páirteach sna cuardaigh agus dhírigh na foirne ar chasarnach tiubh (thick undergrowth) ar bhruach na habhann.
Ag labhairt dó ag an deireadh seachtaine, dúirt Darren Harper, ceannasaí ceantair leis an tSeirbhís Tarrthála Pobail (Community Rescue Service), go raibh an oibríocht chuardaigh ‘dúshlánach’.
Dúirt sé nach raibh oibrithe deonacha ‘ag cloí le bealaí agus cosáin’.
Scéal eile: ‘SEE YOU IN MIAMI ON TUESDAY!!!’An bhfuil Trump ag iarraidh ionsaí eile?
‘Tá sé deacair orthu agus tá sé ríthábhachtach go mbeimid ag tabhairt aire dá leas chomh maith le caighdeáin arda cuardaigh a choinneáil,’ a dúirt sé le gníomhaireacht nuachta PA.
Dúirt an Bhleachtair Príomhchigire Richard Millar, ar an Domhnach: ‘Mar ábhar bhrón, tá bleachtairí tar éis teacht ar chorp daonna amhrasta sa Bhaile Meánach, agus cé nach bhfuil aon aitheantas foirmiúil tugtha, tá fiosrúchán maraithe ar siúl againn anois ar na cúinsí a bhain le himeacht Chloe Mitchell, atá 21 bliain d’aois, a bhí ina dhuine ardriosca ar iarraidh.
‘Níos luaithe an tseachtain seo, chuireamar tús le himscrúdú coiriúil ar imeacht Chloe.’
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh leis an PSNI.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.