Rabhadh ‘drought’: Ná cuir uisce ar an ghairdín agus ná nigh an carr

07/06/2023

Ná húsáid linnte lapadála (paddling pools), ná nigh an carr agus ná cuir uisce ar an ghairdín, a deir rabhadh ‘drought’ don phobal. Táthar ag súil go mbeidh ‘triomach iomlán (absolute drought)’ ag formhór na tíre faoi dheireadh na seachtaine.

Agus tá ‘triomach iomlán’ ag cúig cheantar déag cheana féin. Gan aon bháisteach tuartha go dtí deireadh na seachtaine – tar éis tréimhsí tirime ag dul siar go lár mhí na Bealtaine in áiteanna áirithe – meastar go mbeidh an chuid eile den tír sa chás céanna i gceann cúpla lá.

Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine cabhrú le soláthairtí uisce a chosaint de réir mar a leanann an aimsir thirim ar aghaidh.

Dúirt siad go bhfuil formhór na soláthairtí uisce ag feidhmiú de ghnáth agus nach bhfuil aon phleananna cosc ar phíobán uisce nó srianta ginearálta uisce a thabhairt isteach ag an am seo.

sunny Weather 6 768x448 1

Mar sin féin, tá ‘srianta sealadacha oíche’ ag líon beag ceantar cheana féin.

Bhí srian thar oíche ag teastáil oíche Dé hAoine do chodanna de chontaetha na hIarmhí, Chiarraí agus Chill Chainnigh.

Dúirt siad gur chabhraigh sé seo le leibhéil taiscumar (reservoir) a athchóiriú agus le soláthar comhsheasmhach uisce óil a choinneáil i rith an lae do dhaoine thar dheireadh seachtaine saoire bainc.

Táthar ag leanúint le srianta thar oíche i gCloich na Coillte (Clonakilty) i gCorcaigh agus in Inis Oírr i nGaillimh, le soláthar a choinneáil i rith an lae.

D’admhaigh Uisce Éireann nach mbeadh ganntanas uisce ná triomach mar thoradh ar thréimhse ghairid aimsire, ach d’iarr siad ar an bpobal cuidiú le soláthairtí uisce a chosaint.

Dúirt an comhlacht Stáit gur cheart do dhaoine úsáid na linnte lapadála agus na linnte snámha a íoslaghdú mar úsáideann siad an-chuid uisce.

Dúirt Paul Downes, meitéareolaí (meteorologist) le Met Éireann, le News at One ar RTÉ go bhfuil idir deich agus 15 stáisiún aimsire cheana féin i ‘triomach iomlán’.

Ciallaíonn sé seo 15 lá gan níos mó ná 0.2 milliméadar báistí.

Dúirt an tUasal Downes go bhfuiltear ag súil go mbeidh 18 stáisiún i dtriomach iomlán I gceann cúpla lá agus meastar go mbeidh an chuid is mó den tír i dtriomach iomlán faoi dheireadh na seachtaine.

D’fhéadfadh to mbeidh roinnt báistí i dtreo dheireadh na seachtaine, b’fhéidir sa deisceart Dé hAoine, agus b’fhéidir go mbeadh báisteach níos forleithne ar an Satharn.

Táthar ag súil le teocht ard 23 céim don Mháirt agus don Chéadaoin, le 22 céim ar an Déardaoin agus 21 céim ar an Aoine.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram