Tá Liam Byrne ar dhuine den bheirt bhall amhrasta (suspected members) de chlann Kinahan a gabhadh sa Spáinn.
Gabhadh i Majorca é de bhun barántas eiseachadta (extradition warrant) na Breataine.
Duine sinsearach sa choireacht eagraithe trasnáisiúnta, bhí Byrne á lorg le fada ag na gardaí, National Crime Agency (NCA) na Breataine agus gníomhaireachtaí dlí eile.
Tuairiscíodh san Ard-Chúirt I mBaile Átha Cliath cheana féin go raibh baint mhór ag Byrne le gáinneáil ar dhrugaí (drug trafficking) agus le coireacht fhoréigneach.
Is deartháir é le David Byrne a lámhachadh marbh ag Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin.
Dheimhnigh an NCA go raibh Liam Byrne ar dhuine de bheirt bhall amhrasta de chlann Kinahan a gabhadh sa Spáinn.
Dúirt said i ráiteas: ‘Gabhadh sa Spáinn beirt fhear a bhí ag teastáil ón NCA ar amhras faoi chionta arm.’
Dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Justin Kelly gur ‘forbairt thar a bheith suntasach í gabháil Liam Byrne in iarrachtaí forghníomhaithe an dlí idirnáisiúnta chun oibríochtaí Ghrúpa Coireachta Eagraithe Kinahan a dhíchóimeáil’.
‘Is léiriú iad na gabhálacha seo ar chomhoibriú leanúnach an Gharda Síochána lenár gcomhghleacaithe san NCA,’ a dúirt sé.
Chuir an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (Criminal Assets Bureau, CAB) síos air san Ard-Chúirt mar choirpeach gairme a bhfuil baint mhór aige le gáinneáil ar dhrugaí agus le coireacht fhoréigneach a bhfuil baint aige le cairtéil idirnáisiúnta sa Bhreatain, sa Spáinn agus san Ísiltír - agus atá go dlúth le grúpa coireachta eagraithe Kinahan.
Dúirt an NCA: 'Gabhadh Liam Byrne, 42, as Baile Átha Cliath, a cheaptar a bheith ar cheann de na baill is muiníní de ghrúpa coireachta eagraithe Kinahan, i gceantar Alcudia i Mallorca agus é ag ithe i mbialann le baill teaghlaigh.
‘D’eitil sé isteach in Aerfort Palma ó Dubai, UAE, ar an 26 Bealtaine.
‘Gabhadh ball eile den ghrúpa coireachta, Jack Kavanagh, 22, as Tamworth, Staffordshire, ag oifigigh ó Phóilíní Náisiúnta na Spáinne Dé Máirt seo caite (30 Bealtaine) ag Aerfort Malaga agus é ar idirthuras ó Dubai go dtí an Tuirc.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.