An bhfuil deireadh tagtha le ham Maguire ag Manchester United?

Tá sé le tuiscint ag Erik ten Hag go bhféadfadh Harry Maguire Manchester United a fhágáil an samhradh seo má chinneann an cosantóir nach bhfuil sé sásta leis an easpa ama imeartha.

Níor imir captaen an chlub ach 16 chluiche sa Premier League an séasúr seo agus bhí sé ciontach as roinnt earráidí ardphróifíle, go háirithe i Sraith Europa an mhí seo caite in aghaidh Sevilla.

Mhol Ten Hag tionchar Maguire, atá 30 bliain d’aois, ar an fhoireann.

Tháinig Maguire isteach go Manchester United in 2018 ó Leicester ar costas £80milliún, an táille is mó ar domhan do chosantóir ag an am, agus tá sé faoi chonradh go dtí 2025.

harry maguire
Harry Maguire

Mar sin féin, tá tréimhsí fada caite ag Maguire as an bhfoireann.

Agus Lisandro Martinez agus Raphael Varane oiriúnach, is iad an chomhpháirtíocht lárnach-chosanta is fearr, le Luke Shaw ag líonadh isteach uaireanta, agus an fhoireann ag racáil suas 17 ‘clean sheets’ – an chuid is mó d’aon fhoireann sa roinn.

Anois tá an moladh is láidre déanta ag an mbainisteoir go bhféadfadh am Maguire ag United a bheith ag druidim chun deiridh.

‘Ní bheadh éinne sásta leis an gcás seo,’ a dúirt Ten Hag in agallamh leis an Times. ‘Níl sé chomh maith. Déanann sé oiliúint i gcónaí ar na leibhéil is fearr, le hiarracht 100%.

‘Mar sin láimhseálann sé an cás sin go maith agus is ar an mbealach sin agus ina chaptaen atá sé tábhachtach don scuad.

‘Ach tá an-iomaíocht aige ansin (sa lár-chúlaí) le Raphael Varane, atá ar fheabhas.’

Dúirt sé: ‘Deirimis go bhfuilim sásta go bhfuil sé anseo agus nuair a bhí sé de dhíth orainn rinne sé a phost. Ach is cinneadh é freisin a chaithfidh sé a dhéanamh.’

Dúirt Ten Hag freisin go bhfanfaidh David De Gea, a bhfuil botúin chostasacha déanta aige féin, cé go mb’fhéidir nach mbeadh áit ar an bhfoireann cinnte.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram