Ardaigh aois an phinsin nó ardaigh cánacha, a deir eacnamaithe leis an Rialtas

Tá daonra na hÉireann ag dul in aois agus ciallaíonn sé sin go bhfuil rogha dian ag an Rialtas aois an phinsin a ardú nó cánacha a ardú, de réir eacnamaithe.

Léiríonn figiúirí nua ó Dhaonáireamh 2022 gur tháinig méadú níos mó ná 140,000 ar líon na ndaoine os cionn 65 bliain d’aois i sé bliana.

Anois tá sé ráite ag eacnamaithe leis an Irish Daily Mail nach bhfuil mórán rogha ag an Stát ach labhairt faoi aois an phinsin a ardú, cé go gcuireann sé fearg ar go leor daoine.

Ní leor an €65billiún de bharrachas (surplus) buiséid an Rialtais suas go dtí 2026 chun freastal ar chostais uile an Stáit, lena n-áirítear íoc as pinsin, cúram sláinte agus cúram baile do dhaoine scothaosta.

‘Tá an traein dhéimeagrafach (demographic train) ag teacht chugainn,’ a dúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath le seachtainí beaga anuas.

Elderly Sad 1

Tá sé tugtha le fios ag foinsí Rialtais go bhfuil John McCarthy, príomh-eacnamaí na Roinne Airgeadais, go háirithe buartha faoi na costais.

Dúirt Dermot O’Leary, príomh-eacnamaí ag Goodbody Stockbrokers, go bhfuil sé ‘cinnte’ go bhfuil cás ann anois ar son caint faoi aois an phinsin, cé go ndúirt sé nach raibh sé ‘dóchasach’ go bhféadfaí a leithéid de dhíospóireacht a bheith ann mar gheall ar an ‘grey revolt’ an a aghaidh.

Dúirt an eacnamaí Austin Hughes ‘dá luaithe a dhéanaimid an rud ceart timpeall air seo, is fearr a mbeidh sé’.

Dúirt sé gur gá an aois scoir a ardú do chodanna áirithe den daonra ar a laghad.

‘Tá dhá bhealach le déileáil le costas méadaitheach na bpinsean,’ a dúirt sé, trí aois an phinsin a ardú nó trí chánacha a ardú.

Dúirt an tUasal Hughes go bhfuil gá le héagsúlacht níos mó maidir le haois an phinsin, ag rá go bhféadfadh go mbeadh ar dhuine a d’oibrigh mar oibrí dul ar scor níos luaithe, ach go bhféadfadh go mbeadh orthu siúd atá ag obair i seirbhísí nó mar ghairmí oibriú níos faide.

‘Caithfidh sé [aois an phinsin] a ardú,’ a dúirt sé. Dúirt sé go bhfuil caint faoi méadú ar PRSI nó cánacha eile chun tacú le híoc an phinsin ‘simplí daft’.

Thug an tAire Airgeadais an tUasal McGrath le fios go gcaithfear ar a laghad cuid de bharrachas buiséid an Stáit sna blianta amach romhainn a chur ar leataobh chun íoc as daonra ag dul in aois.

Tá sé ráite ag an Roinn Airgeadais go mbeidh ar an Stát idir €7 billiún agus €8 billiún sa bhliain a chaitheamh ó 2030 ar aghaidh go díreach chun an leibhéal céanna seirbhísí a sholáthar agus a sholáthraíonn muid anois don daonra aosta.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram