Dlíthe nua chun cosc a chur ar dhaoine faoi 18 ó chaitheamh ‘e-cigarettes’

Táthar ag súil go nglacfar le dlí nua chun cosc a chur ar dhíolachán toitíní leictreonacha (e-cigarettes) le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, faoi mhí Iúil.

Tabharfaidh an tAire Sláinte Stephen Donnelly an Bille Críochnaithe maidir le cosc a chur ar dhíolachán toitíní leictreonacha le daoine faoi 18 faoi bhráid na Comhaireachta (Cabinet) Dé Máirt.

Tá roinnt beart sa Bhille chomh maith le cosc a chur ar dhíolachán toitíní leictreonacha, ar a dtugtar vapes freisin, dóibh siúd atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

GettyImages 1241480916

Ina measc seo tá srian a chur ar an gcineál miondíoltóirí (retailers) atá in ann táirgí ionanálaithe nicotín (nicotine inhaling products) a dhíol agus srian a chur le fógraíocht faoi toitíní leictreonacha in aice le scoileanna agus áiteanna eile a mbíonn daoine fásta óga agus leanaí ag freastal orthu.

Beidh cosc freisin ar fhógraí do toitín leictreonach ar iompar poiblí.

Léiríonn suirbhéanna a foilsíodh le déanaí ar leanaí in aois scoile na hÉireann go n-úsáideann 9% de leanaí idir 12 agus 17 mbliana d’aois agus 15.5% de dhaoine idir 15 agus 16 bliana d’aois toitíní leictreonacha.

Fuarthas amach in athbhreithniú a rinne an Bord Taighde Sláinte (Health Research Board) go raibh cúig huaire níos mó seans ann go dtosóidh leanaí a úsáideann toitíní leictreonacha ag caitheamh tobac.

Tá thart ar 16,000 blas éagsúil ar toitíní leictreonacha – lena n-áirítear bubblegum agus gummy bears – de réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organisation).

Mhaígh sé go bhfeictear é seo mar bhealach chun daoine óga a mhealladh chuig an nós.

Tá cosc ar dhíolachán toitíní leictreonacha le déagóirí cheana féin i roinnt tíortha Eorpacha.

Inseoidh an tAire do chomhghleacaithe inniu go bhfuil fianaise shoiléir ann go bhféadfadh iarmhairtí fadtéarmacha a bheith ag nicitín ar fhorbairt inchinne ógánaigh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram