Druga menopause a mhúchann ‘hot flushes’ ar fáil go luath

D’fhéadfadh druga sos míostraithe (menopause) a ‘mhúchann’ sruthanna te (hot flushes) i cúpla lá a bheith ar fáil faoi dheireadh na bliana seo.

Is ‘game changer’ é an ‘druga’ dar le saineolaithe leighis. Tugtar fezolinetant air agus oibríonn sé go díreach ar an inchinn.

D’fhéadfadh sé a bheith ina tharrtháil (lifeline) do na céadta mílte ban nach bhfuil in ann teiripe athsholáthair hormóin (HRT) a ghlacadh.

Níos luaithe an mhí seo cheadaigh na Stáit Aontaithe fezolinetant, arb é an chéad druga sos míostraithe (menoapause) neamh-hormónach.

Déanann a lucht déanta cur síos air mar theiripe ‘bunaithe ar ár dtuiscint ar an mbitheolaíocht taobh thiar de na sruthanna te (biology behind hot flushes)’.

Woman Pharmacy 3 960x560 1

Oibríonn an druga trí bhac a chur ar phróitéin inchinn ar a dtugtar neurokinin 3, a bhfuil ról aige maidir le teocht an choirp a rialáil i mná le sos míostraithe (menoapause).

Léirigh triail mhór a foilsíodh i mbliana gur laghdaíodh minicíocht na sruthanna te thart ar 60% i measc na mban le sos míostraithe (menoapause) measartha nó tromchúiseacha, i gcomparáid le titim 45% i measc na mban ar phlaicéabó, 12 sheachtain tar éis an pill a ghlacadh uair amháin sa lá.

SCÉAL EILE: Before and after: Tá saol nua ag teachín de chuid Dáithí Ó Sé den 18ú hAois

Thuairiscigh mná freisin laghdú ar dhéine na sruthanna te agus caighdeán codlata níos fearr.

‘Druga go hiomlán ‘”blockbuster” a bheidh anseo,’ a dúirt an tOllamh Waljit Dhillo, “endocrinologist” ag Imperial College London.

‘Tá sé cosúil le lasc (switch). Laistigh de lá nó dhó imíonn na srutháin te. Tá sé dochreidte cé chomh maith agus a oibríonn na drugaí seo.

‘Beidh an saol ag athrú go hiomlán do go leor ban.’

Tá fezolinetant, ó gnólacht Seapánach Astellas Pharma, á mheasúnú anois ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (European Medicines Agency).

Táthar ag súil le cinneadh i mbliana.

Ní chuireann an druga isteach ar leibhéil estrogen, a thagann laghdú go géar air i rith an tsosa míostraithe, agus mar sin ní rachaidh sé i ngleic le mothúcháin tuirse agus luascáin ghiúmar mar a dhéanann HRT.

SCÉAL EILE:Lánúineacha ‘ag ligean orthu go bhfuil siad scartha … chun an dara teach a thógáil’

Mar sin féin, níl HRT oiriúnach do gach duine, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil stair ailse acu.

‘Mura bhfuil tú in ann HRT a ghlacadh níl mórán roghanna éifeachtacha ar fáil,’ a dúirt an tOllamh Annice Mukherjee, “endocrinologist” comhairleach in Ollscoil Coventry i Sasana. ‘Tá roghanna ag teastáil ó mhná.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram