Fiosrúcháin dúnmharaithe tar éis teacht ar bhean, 62, marbh, le gortuithe suntasacha in árasán, i nDún Dealgan

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar siúl i nDún Dealgan (Dundalk), Co Lú, tar éis gur aimsíodh bean 62 bliain d’aois marbh ag seoladh cónaithe ar an mbaile.

Tugadh torthaí iarbháis (post mortem results) ar ais ar chorp na mná, a ainmníodh go háitiúil mar Catherine Henry, rud a d’fhág gur uasghrádaíodh an t-imscrúdú go dúnmharú.

Tuigtear go raibh gortuithe suntasacha uirthi. Tá sé ráite ag Gardaí nach scaoilfidh siad sonraí an iarbháis ar chúiseanna oibriúcháin.

Gardai generic2 960x560 1

Fuarthas Ms Henry ag an seoladh ar Shráid an Droichid, a gcuirtear síos air go háitiúil mar mheascán gnóthach agus cónaithe.

Tar éis bhunú an fhiosrúcháin dúnmharaithe , ceapadh oifigeach sinsearach imscrúdaithe agus cuireadh seomra teagmhais ar bun i nDún Dealgan.

Tá oifigeach idirghabhálaí (liaison) teaghlaigh curtha i bhfeidhm freisin mar atá gnáthamh i gcásanna dá leithéid.

Tuigtear go bhfuil aigne oscailte á gcoimeád ag gardaí maidir leis na cúinsí. Níl aon ghabháil déanta.

‘Tá Gardaí i nDún Dealgan ag fiosrú ionsaí marfach maidir le corp mná sna 60í I dteach cónaithe ar Sráid an Droichid, Dún Dealgan,’ a dúirt siad.

SCÉAL EILE: Teaghlaigh faoi bhrú le ardú praghais nua ar árachais sláinte

Dúirt comhairleoir áitiúil Shinn Féin Kevin Meenan nach raibh an chuma ar an scéal go raibh aithne forleathan ar Ms Henry ar an mbaile.

‘Bhí ionadh ar gach duine ar an gcéad dul síos,’ a dúirt sé tar éis scéala faoin bhfiosrúchán dúnmharaithe.

‘Ní rud maith é a chloisteáil, go háirithe nuair a fhaightear corp in árasán.

SCÉAL EILE:Réaltaí Hollywood ag glacadh druga a theastaíonn ó ‘diabetics’ in Éirinn

Bhí an láthair dúnta oíche Déardaoin agus na gardaí ag leanúint lena n-imscrúduithe.

Rinne an Comhairleoir Meenan cur síos ar Shráid an Droichid mar cheantar gnóthach le meascán d’árasáin, siopaí agus tithe tábhairne, agus atá le bheith ina áit do chlár athnuachana.

Tá Gardaí ag lorg finnéithe a bhí sa cheantar tráthnóna Dé Céadaoin agus iarrtar orthu dul i dteagmháil le stáisiún Gardaí Dhún Dealgan ar 042 938 8400, Líne Rúnda na nGardaí 1800 666 111 nó aon stáisiún Gardaí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram