Dhá chluiche fágtha, agus ar fionraí le haghaidh dhá chluiche! … An mbeidh Klopp ann do Liverpool?

Gan ach dhá chluiche fágtha sa Premier League do Liverpool, tá Jurgen Klopp curtha ar fionraí ar feadh dhá chluiche.

Is cosúil, áfach, gur féidir le bainisteoir Liverpool a bheith ar an taobhlíne do chluiche ceannais an tséasúir seo, ar Dé Domhnaigh, 28 Bealtaine.

Gearradh fíneáil €86,000 (£75,000) air freisin mar gheall ar thuairimí a dúirt sé faoin réiteoir Paul Tierney a measadh gur iompar míchuí é.

klopp agus tierney
Jurgen Klopp agus Paul Tierney ag argóint

Beidh bainisteoir Liverpool sna seastáin do chluiche ceannais Liverpool sa bhaile ag Anfield i gcoinne Aston Villa.

Mar sin féin, tá an dara cluiche den toirmeasc (ban) curtha ar fionraí go dtí mí na Bealtaine seo chugainn.

Ina theannta sin, ní dhéanfar é a sheirbheáil ach amháin má sháraíonn sé riail shonrach FA Shasana, thar an gcéad 12 mhí eile.

Cúisíodh Klopp ag an FA tar éis an chluiche a bhuaigh Liverpool 4-3 in aghaidh Tottenham ar 30 Aibreán.

SCÉAL EILE: Tá Katie Taylor fós ag iarraidh
troid i bPáirc an Chrócaigh, a deir Hearn

Ghortaigh sé a chliabhán agus é ag rith chun ceiliúradh a dhéanamh an-ghar don cheathrú oifigeach, John Brooks.

Bhí sé seo tar éis dó a fhearg a léiriú níos luaithe faoi chinneadh a bhí déanta ag an réiteoir Tierney.

klopp argueing 1681
Clopp ag argóint leis an cheathrú oifigeach Pic: Andrew Powell/Liverpool FC via Getty Images

De réir na tuarascála scríofa ar an gcás, a d’eisigh an FA inné, thug Brooks le fios do Tierney gur cheart do Klopp cárta buí a fháil. Thug Tierney le fios, áfach, go mbeadh sé sásta cárta dearg a thabhairt dó dá bhfeicfeadh sé an eachtra.

Creideadh go raibh ionracas Tierney curtha faoi cheist.

SCÉAL EILE: BRÓD ionainn féin: SSE Airtricity agus League of Ireland
ag cur branda LGBT Ireland chun cinn an deireadh seachtaine seo

I litir a cuireadh faoi bhráid an FA mar chuid dá chosaint, dúirt Klopp: ‘Tá brón orm as an bhfreagra a bhí agam sa nóiméad láithreach sin nuair a rith mé i dtreo an ceathrú oifigeach, an tUasal Brooks, agus ghlac mé go hiomlán leis go raibh an rabhadh ceart.

‘Ghlac mé leis ansin, agus glacaim leis anois go raibh cárta buí ceart.

‘Mar an gcéanna, is oth liom roinnt den ‘tone’ agus ábhar m’agallamh iar-chluiche.

‘Cé nach raibh sé ar intinn agam, glacaim leis anois gur chosúil go raibh mé ag ceistiú ionracas an Uasail Tierney. Glacaim úinéireacht ar sin.

‘Ar machnamh, bhí na focail a d’úsáid mé míchuí. Mothúchán a spreag an dá eachtra seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram