Máthair Éireannach bás tar éis titim thar ‘cliff’ i Lanzarote ina bugaí

17/05/2023

Fuair máthair Éireannach bás agus gortaíodh a hiníon go dona, agus iad ar saoire, tar éis dóibh titim thar aill (cliff) i Lanzarote ina bugaí.

Thit an péire thart ar 65 troigh tar éis dóibh smacht a chailleadh ar a bhfeithicil le linn turas turasóireachta.

Is Éireannach í an bhean aosta, a bhí 61, de réir phóilíní na Spáinne. Fógraíodh go raibh sí marbh ag an láthair.

Lanzarote 1 1168x681 1

Tugadh an t-íospartach eile, a bhí ag taisteal ar phas ón Afraic Theas, chuig Ospidéal an Dochtúir Jose Molina Orosa i bpríomhchathair an oileáin Arrecife. I measc a cuid gortuithe bhí créachta cinn (head wounds).

Tá sí i riocht criticiúil in aonad dianchúraim (intensive care) an ospidéil.

Bhí comhraiceoirí dóiteáin (firefighters), póilíní agus paraimhíochaineoirí (paramedics) i measc iad siúd a chuaigh go dtí an ceantar chun iarracht a dhéanamh iad a tharrtháil.

SCÉAL EILE: Fuarthas cailín ‘abducted’ be
agus sláintiúil tar éis sé bliana le cabhair ó Netflix

Cuireadh héileacaptar chuig an láthair freisin, cé go raibh na comhraiceoirí dóiteáin in ann an bhean a tháinig slán as an tubaiste, atá ina 40idí, a thabhairt ar shínteán chuig otharcharr a bhí ag fanacht.

Tá an ceantar inar tharla an tragóid idir baile Teseguite agus sráidbhaile Guatiza.

Dúirt tuarascáil áitiúil amháin go raibh póilíní ag fiosrú an fhéidearthacht go bhféadfadh gur chaill an tiománaí bugaí, a mheastar a raibh an duine is sine den bheirt bhan, smacht ar an bugaí..

Ach dúirt urlabhraí don Gharda Sibhialta i Lanzarote: ‘Tá sé ró-luath ag an bpointe seo tuairimíocht a dhéanamh ar cad ba chúis leis an tragóid.

‘Tá an t-imscrúdú fós ag céim an-luath.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram