A rinne an BBC ‘censorship’ ar óráid réalta Derry Girls ag na Baftas?

16/05/2023

Tá an BBC cúisithe (accused) as cinsireacht (censorship) a dhéanamh ar óráid réalta Derry Girls, Siobhán McSweeney, tar éis di duais Bafta a bhuachan.

Tá aithne ar an aisteoir as Corcaigh as an léiriú a rinne sí ar Sister Michael ar an tsraith teilifise mhóréilimh ar Channel 4.

Bronnadh a chéad Bafta uirthi don léiriú ban is fearr in sa chlár grinn.

Le linn a hóráid glactha, rinne an aisteoir, atá 43 bliain d’aois, tagairt don sháinn (impasse) le comhroinnte cumhachta ag Stormont, agus gearradh go leor dá tuairimí níos déanaí ó chraoladh an BBC.

‘A mhuintir Dhoire, go raibh maith agaibh as mé a thabhairt isteach i bhur gcroíthe agus i bhur seomraí suí,’ a thosaigh sí.

SCÉAL EILE: Vodafone ag
tabhairt laethanta saoire chun
aire a thabhairt do dhaoine leochaileacha

‘Táim an-tógtha go laethúil leis an gcaoi a gcuimsítear spiorad an chomhréitigh agus seasmhacht (resilience) in ainneoin an aineolais agus an striapachais atá ag bhur gceannairí mar a thugtar orthu i mBaile Átha Cliath, i Stormond agus i Westminster.

‘I bhfocail mo Sister Michael, “Tá sé in am acu tosú ag éirí ciallmhar’’.

Ach níor bhain formhór a cuid cainte isteach san eagarthóireacht deiridh, rud a spreag líomhaintí maidir le cinsireacht ar na meáin shóisialta.

siobhan mcsweeney baftas 2 768x448 1
Siobhán McSweeney

I gcraoladh an BBC, dúirt McSweeney: ‘A mhuintir Dhoire – go raibh maith agat as mé a thabhairt isteach i bhur chroí agus i do sheomraí maireachtála,’ sula ngearrann an mhír ansin díreach go dtí deireadh a cuid cainte.

Chuir úsáideora Twitter OhHeyJacob in iúl da lucht leanúna na neamhréireachtaí idir craoladh an BBC agus óráid McSweeney ina hiomláine, agus taithin níos mó ná 30,000 daoine í.

SCÉAL EILE: Brú ar Prince Andrew
ón Rí Séarlas a theach mór ríoga a fhágáil

Scríobh siad: ‘Cad a tharla i ndáiríre vs an méid a chraol an BBC. Inis dom arís cén chaoi a bhfuil an BBC neamhchlaonta? Cén fáth ar ghearr siad é sin amach?’

Dúirt urlabhraí don BBC: ‘Mar a tharla sna blianta roimhe seo, mar gheall ar nádúr an tseó a chraoltar le  mhoill ghairid (short delay), agus cé go bhfuil sé mar aidhm againn i gcónaí croí-mheon na n-óráidí glactha a choinneáil, ní mór eagarthóireacht a dhéanamh de bharr srianta ama.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram