Baftas do Derry Girls agus Bad Sisters

Tá ceathrar ban as Éirinn ina mbuaiteoirí sna Baftas i ndiaidh rath Derry Girls agus Bad Sisters.

Tá na gradaim Baftas TV buaite ag Siobhán McSweeney, Anne-Marie Duff, Lisa McGee agus Sharon Horgan ag an searmanas i Londain.

Bhuaigh McSweeney agus McGee a ngradam do Derry Girls agus bhuaigh Duff agus Horgan a gcuid gradaim do Bad Sisters.

Bhuaigh McGee duais Bafta TV don ghreann scripte is fear le Derry Girls. Ghabh sí buíochas le Channel 4, agus d’iarr sí air ‘nach n-athrófaí siad go deo, le do thoil’ agus ghabh sí buíochas freisin le ‘ár gcéad baile, Doire’.

Bhuaigh Horgan an Bafta don tsraith dráma teilifíse is fearr do Bad Sisters. Dúirt sí gur seó ‘dáiríre deacair’ a bhí ann ach mhol sí an fhoireann ‘iontach’.

siobhan mcsweeney baftas 1 480x672 1
Siobhán McSweeney

Dúirt McSweeney, atá 43 bliain d’aois agus a thug páirt Sister Michael in Derry Girls, ina hóráid Bafta: ‘Agus mo mháthair ina luí ag fáil bháis i gCorcaigh, ceann de na rudaí deireanacha a dúirt sí liom ná, nach smaoineoinn ar athoiliúint (retraining) mar mhúinteoir.

‘Dá bhfeicfeadh sí anois mé, ag fáil Bafta as páirt múinteoir a glacadh! “Jokes on you”.’

Dúirt sí freisin: ‘A mhuintir Dhoire, Buíochas as mé a thabhairt isteach i bhur chroí agus i do sheomraí maireachtála.’

Agus ghabh sí buíochas leis an scríbhneoir McGee ‘as gan éisteacht liom nuair a dúirt mé go bhféadfainn páirteanna na gcailíní ar fad a dhéanamh’.

Dúirt Anne-Marie Duff, a bhuaigh an gradam aisteoir tacaíochta is fear do Bad Sisters, gur chuir an bua ionadh uirthi.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram