Tá freagra tugtha ag bainisteoir sinsearach peile Dhoire, Rory Gallagher, ar líomhaintí faoi mhí-úsáid baile. Dúirt sé gur dhéileáil údaráis leis na héilimh roimhe seo.
Chuir bean chéile an bhainisteora peile teachtaireacht suas ar na meáin shóisialta níos luaithe an tseachtain inar mhionsonraigh sí roinnt teagmhais líomhnaithe foréigean baile.
Mhaígh Nicola Gallagher go bhfuil blianta caite aici ag fanacht ina tost faoin gcaidreamh deacair atá aici lena fear céile. Dúirt sí go ndearna sí iarracht é a bhlocáil agus gur bhain sí úsáid as alcól dá bharr.
Tá an lánúin, a bhfuil triúr leanaí acu, scartha.
I ráiteas a eisíodh trí aturnae inniu, d’admhaigh an tUasal Gallagher post a mhná céile, ar na meáin shóisialta agus go ndearna sí ‘líomhaintí an-tromchúiseacha i mo choinne’. Níl said le chéile anois.
Dúirt sé: ‘Tháinig briseadh ar ár bpósadh ceithre bliana ó shin. Tá na daoine is gaire dár dteaghlach ar an eolas go maith faoi na cúiseanna atá leis an gcliseadh ar ár bpósadh agus na saincheisteanna leanúnacha a bhí os ár gcomhair ó shin.’
D’áitigh an tUasal Gallagher go bhfuil na líomhaintí ‘fiosraithe agus pléite ag na húdaráis ábhartha’.
Dúirt sé: ‘Is é an fócas atá agam le ceithre bliana anuas ná ár bpáistí a chosaint ón suaitheadh (turmoil) leanúnach inár dteaghlach.
‘Tá an t-ábhar seo fágtha agam i lámha m’fhoireann dlí agus iarraim meas ar príobháideacht ár dteaghlach ag an am seo. Ní bheidh aon trácht poiblí eile agam ar an ábhar seo.’
Tá Doire le himirt ag Ard Mhacha i gcluiche ceannais peile Uladh Dé Domhnaigh.
Tá Gallagher ar cheann de na hainmneacha is aitheanta i CLG. Bhí sé mar chuid den fhoireann bainistíochta a thug Dún na nGall go Craobh na hÉireann i 2012.
Le linn a shaol imeartha chaith sé geansaithe Fhear Manach agus an Chabháin.
Faoina stiúir, bhuaigh Doire cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Uladh anuraidh agus chuaigh siad ar aghaidh chuig na cluichí leathcheannais Chraobh na hÉireann, áit ar chaill siad in aghaidh na Gaillimhe. Imreoidh siad Ard Mhacha Dé Domhnaigh i gcluiche ceannais Uladh na bliana seo.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.