Chuir easpag Éireannach isteach ar go leor Caitliceach ag maíomh gurbh é Dia a dúirt nár cheart do mhná a bheith ina sagairt.
Dúirt sé freisin nach post d’fhear pósta í an tsagartacht.
Dúirt an tEaspag Alphonsus Cullinan as Port Láirge agus an Lios Mór (Bishop Alphonsus Cullinan of Waterford and Lismore) nach réiteodh ligean do mhná a bheith ina sagairt an fhadhb go bhfuil fíorbheagán sagairt san Eaglais ar aon nós.
D’admhaigh sé, áfach, go bhfuil an líon atá ag staidéar don sagartacht ‘i bhfad níos lú’ ná mar a bhí roimhe seo.
Go deimhin tá líon na sagart nua an-bheag i gcomparáid leis an líon atá ag éirí as an tsagartacht.
‘Is cinnte go bhfuil fadhb againn,’ a dúirt an tEaspag Cullinan le The Pat Kenny Show ar Newstalk.
Ach dúirt sé nach raibh a fhadhb earcaíochta réitithe ag Eaglais Shasana trí sagairt mná a cheadú.
Dúirt sé ansin: ‘Is rud é atá roghnaithe ag Dia – as eagna Dé (God’s wisdom) – don Eaglais, fir don ról áirithe seo, agus tá gach sórt róil ann… do mhná.
‘Ach is í saincheist na sagartachta, ag leanúint Íosa ar an mbealach áirithe seo, agus ag cur an riosca ar son Chríost, go bhfuil sé ag glaoch, agus cé mise chun seasamh agus a rá, “A Thiarna, is dóigh liom go bhfuil tú mícheart”.’
Dúirt an tEaspag Cullinan freisin go mbeadh sé deacair ag fear pósta a bheith ina shagart.
‘An dtugann sé a chroí do mhuintir na paróiste nó dá bhean agus dá chlan?’ ar seisean.
‘Agus is déontas atá ann i gcónaí agus measaim, domsa agus do na sagairt sásta a bhfuil aithne agam orthu, go bhfuil cead acu iad féin a thabhairt go hiomlán dá ministreacht ina bparóistí, ina séiplíneacht, cibé áit a bhfuil sé.
‘D’oibrigh mé ar feadh cúig bliana mar shéiplíneach ospidéil agus ní fheicim conas a d’fhéadfainn an post sin a dhéanamh dá mbeinn pósta mar go raibh sé lán-pháirteach san ospidéal – go háirithe na glaonna oíche.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.