Tar éis Sarah McInerney, lámha suas AON DUINE atá ag iarraidh an Late Late gig

06/05/2023

Tá Sarah McInerney tar éis éirí as an rás le teacht in áit Ryan Tubridy ar an Late Late Show, in ainneoin gurb í rogha na geallghlacadóirí chun an post a fháil.

Tagann an nuacht lá díreach tar éis do Claire Byrne a rá nach bhfuil sise ag iarraidh a bheith an chéad ban-óstach ar an seó.

Measadh ag an am sin go raibh sise ar an rogha is fearr chun an gig a fháil.

James Cordon
Rinne Sarah tráchtanna greannmhara ar an ról atá ag James Cordon ar The Late Late Show are CBS

Ag labhairt di ar Twitter, dúirt McInerney lena lucht leanúna gur chuir sí a cinneadh in iúl do cheannasaithe RTÉ roinnt seachtainí ó shin.

Rinne sí tráchtanna greannmhara ar an ról, chuir sí í I gcomparáid  le Late Late Show eile, agus rinne sí magadh bog ar nádúr éadrom an phoist i gcomparáid lena ról dáiríre mar iriseoir polaitiúil.

Rinne McInerney magadh freisin ar an ‘succession race’ do phost Ryan Tubridy.

Scríobh sí: ‘Ba mhaith liom a dhearbhú nach bhfuil mé ag glacadh le The Late Late Show ó Ryan Tubridy ná ó James Cordon (a chuireann The Late Late Show i láthair ar CBS ar theilifís Mheiriceá). Agus níor lorg mé Waystar ó Logan Roy (an príomhcharachtar sa tsraith teilifíse Succession).

Sarah McInerney Cormac O hEadhra Drivetime 768x448 1
Sarah McInerney agus Cormac Ó hEadhra ar Drivetime

‘Cé gur mhealltach (enticing) an t-ionchas go gcuirfí ceisteanna diana (grilling) ar leanaí óga thar a gcuid roghanna bréagán gach Nollaig, chuir mé in iúl do bhainistíocht RTÉ cúpla seachtain ó shin nach mbeidh suim agam sa phoist.

‘Tá toghchán ag teacht, b’fhéidir an bhliain seo chugainn. Beidh Prime Time agus Drivetime i gcroílár chlúdach RTÉ. Cosúil le gach nerds polaitiúil, ní féidir liom fanacht,’ a scríobh McInerney.

Logan Roy1 768x448 1
Brian Cox mar Logan Roy in Succession. Rinne Sarah McInerney magadh freisin ar an ‘succession race’ do phost Ryan Tubridy.

Tar éis Sarah McInerney ba é Patrick Kielty an chéad duine eile a bhí molta don ról, ag corrlach (odds) 2/1.

Chomh maith leis sin sa rás tá Baz Ashmawy ag 8/1, agus tá Dara Ó Briain, Jennifer Zamperelli, Tommy Tiernan agus Angela Scanlon ar fáil ag 20/1.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram