Tá sé ráite ag Donald Trump go bhfuil sé ‘ag lorg vótaí Éireannacha’ agus é ag imirt gailf lena mhac Eric ar a chúrsa gailf i gContae an Chláir.
Bhí Trump, a bhí ag tabhairt cuairte ar a chúrsa gailf sa tír seo le haghaidh lá amháin, ag imirt gailf os comhair tuairisceoirí agus grianghrafadóirí.
Tháinig sé go hÉirinn chun seiceáil ar a óstán gailf ach beidh sé dóchasach go gcabhróidh na grianghraif de in Éirinn leis vótaí Éireannacha a fháil, má roghnaítear é le seasamh sna chéad toghcháin uachtaránachta eile i Meiriceá.
Dúirt sé le tuairisceoirí: ‘Bígí cinnte nach bhfaca sibh riamh an taobh seo de Trump.’
Nuair a d’fhiafraigh ExtraG.ie dó an raibh sé ag lorg vóta na hÉireann-Mheiriceánacha lena chuairt, dúirt an tUasal Trump: ‘Táim á lorg ar an bpointe boise. Sin an fáth a bhfuil mé ag caint leat.’
Mar sin féin, táthar ag súil go seasfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden, a bhuaigh in aghaidh Trump sa toghchán uachtaránachta deireanach i Meiriceá, don Pháirtí Daonlathach.
Bhí an-tóir ar chuairt an Uachtaráin Biden ar Éirinn cúpla seachtain ó shin nuair a d’fhan na sluaite na huaireanta amach ar na sraideanna le fáilte a chur roimhe go hÉirinn.
Nuair a dúradh le Trump go rabhthas ag súil go mbuafadh an tUachtarán Biden vóta na hÉireann i Meiriceá mar gheall ar a oidhreacht Éireannach, lena n-áirítear cuairteanna ar áiteanna a shinsear i Lú agus Maigh Eo, rinne an tUasal Trump magadh ar a Uachtarán féin.
Ag déanamh magadh dúirt se gur ‘duine neamh-éifeachtach (incompetent)’ a bhí Uachtarán Biden.
Rinne an Trump, atá ag tabhairt aghaidh ar roinnt cásanna cúirte i Meiriceá agus a mhaíonn go fóill gur bhuaigh sé an toghchán deireanach, iarracht ansin magadh a dhéanamh ar scileanna gailf an Uachtaráin Biden.
Go aisteach, bhuail sé a liathróid agus d’fhiafraigh sé de na tuairisceoirí agus na grianghrafadóirí: ‘An dóigh leat gur féidir le Biden é sin a dhéanamh? Ní dóigh liom.’
LEIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: Faitíos faoi líon na
ndaoine atá tugtha do ‘painkillers’ ina bhfuil cóidín
Dúirt sé: ‘Ní bhuaileann Biden 280 díreach síos sa lár? Ní féidir le Biden 80 a bhualadh síos sa lár.’
Chuaigh Trump chuig óstán Trump International I nDún Beag (Doonbeg), Contae an Chláir, sula ndeachaigh sé amach chun babhta gailf a imirt ar an gcúrsa in aice leis.
Bhí hata Make America Great Again á chaitheamh aige, a léirigh an fhealsúnacht ‘MAGA’ a chuireann Trump chun cinn ach a cháin Biden as a bheith cruálach ar ghrúpaí mionlaigh, ar an bpobal LADT+ agus as iarracht a dhéanamh srian a chur ar oideachas agus leabhair a dhó.
LEIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: Tagann Trump
ar cuairt – ach níl fáilte ‘Mayo Joe’ ar fáil dó
In éineacht lena mhac Eric, mhaígh Trump go mbeidh sé in ann an bua a fháil i gcoinne an Uachtaráin Biden an chéad uair eile.
Nuair a fiafraíodh de an gceapann sé go bhféadfadh sé an dara téarma a bhuachan, d’fhreagair Trump: ‘D’fhéadfainn é a bhuachan trí huaire.’
LEIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: Tá
tús le deireadh Alzheimer aimsithe
Mhaígh a mhac Eric go mbeadh an caidreamh idir SAM agus Éirinn ‘níos fearr ná riamh’ dá ndéanfaí a athair a atoghadh.
Tagann cuairt an Uasail Trump ar Dún Beag (Doonbeg) tar éis don Uachtarán Biden cuairt stáit a thabhairt ar áiteanna a shinsear i Lú agus Maigh Eo, agus bhí sé ar an gceathrú uachtarán freisin tar éis John F Kennedy, Ronald Reagan agus Bill Clinton óráid a thabhairt don Dáil.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.