Craic iontach ag Lá Mór na Gaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath

Bhí  craic iontach ag cách ag Lá Mór na Gaeilge ar an Domhnach nuair a bhailigh Gaeilgeoirí de gach aois agus gach sórt ag ceiliúradh na teanga i gceartlár Bhaile Átha Cliath le ceol, caint, craic agus ceardlanna.

Bhí Cearnóg Pharnell lán le siamsaíocht agus bhí ranganna ceol agus damhna agus yogo ar siúl freisin.

Is ceiliúradh é Lá Mór na Gaeilge ar gach gné den teanga agus bhí Cearnóg Pharnell dúnta de thrácht le gach saghas taispeántas sráide.

Bhí stallaí le gach rud ó burgers go camáin, agus ceol beo agus damhsa eagraithe ag bannaí ó stáitse ag barr na cearnóige.

la more gaeilge feat

Thosaigh sé le Wickerlight agus bhí bannaí mar Bandia
agus Tadhg Griffin agus chríochnaigh sé le seisiún bríomhar céilí sráide le Len Collective.

Bhí Tadhg Griffin an-ghnóthach mar bhí ceardlann amhránaíochta aige i nDánlann Hugh Lane ag meánlae. San áit céanna bhí agallamh le Colm Bairéad agus ceardlann ar na meáin shóisialta agus ar lámhscríbhinn.
Chomh maith le sin bhí siúlóid staire le Lorcan Collins agus Cuan Ó Seireadáin.

Eagraíodh imeachtaí eile i gClub na Múinteoirí áit a raibh ranganna ar na píobairí uilleann, an mbodhrán, amhránaíocht ar an sean-nós agus damhsa ar an sean-nós.

Bhí sé sin an dara uair den Lá Mór a Gaeilge, atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Baile Átha Cliath le Gaeilge, agus tá súil againn go mbeidh sé ann gach bliain as seo amach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram