Labhraíonn laoch na ‘Dubs’ Jason Sherlock ar son Lee Chin i ndiaidh ‘racist abuse’

D’iarr Jason Sherlock ar an CLG ‘gníomhú’ a dhéanamh tar éis mí-úsáid chiníoch (racist abuse) in aghaidh réalta iomána Loch Garman (Wexford) Lee Chin.

Dúirt Sherlock, laoch peile Bhaile Átha Cliath, go bhfuil aithne aige go pearsanta ar Lee Chin agus gur thug sé seo ar ais cuimhní ar a thaithí féin ar an gciníochas.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Fiosrúchán ar bun ar an ‘racist abuse’
ar an iománaí sinsearach Lee Chin

Léirítear i bpíosaí físeáin ó chluiche carthanachta iomána Dé Sathairn seo caite, idir Loch Garman agus Tiobraid Árann, duine nach bhfuil le feiceáil ag glaoch ar Lee Chin mar ‘f*****g Chinaman’ roinnt uaireanta ón taobhlíne.

Tharla an eachtra le linn aighneas idir an dá fhoireann.

Chuaigh roinnt imreoirí ó Loch Garman i dtreo an duine aonair ansin, chun Lee Chin, atá 30 bliain d’aois, a chosaint.

Jason Sherlock
Jason Sherlock: ‘Tá dualgas ar gach cumann spóirt a chinntiú go bhfuil meas againn ar daoine eile, cibé an bhfuil muid ag breathnú ar, nó ag glacadh páirte inár spóirt’

Cloistear roinnt daoine ag glaoch ‘náire, ciníoch agus cowardly’ ar an bhfear. Mar gheall ar an teannas, thréig an réiteoir an cluiche a bhí i gCarraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann.

Cháin an dá thaobh gníomhartha an fhir agus tá imscrúdú ar bun.

Dúirt Sherlock, atá in laoch peile Bhaile Átha Cliath agus buaiteoir Chraobh na hÉireann, go bhfágann maslaí mar seo ‘rian’ (scars).

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Caithfidh ardáin ar nós Twitter dul i ngleic
le ciníochas, a deir réalta na hÉireann Idah

Ag labhairt dó ar a thaithí rialta féin ar an gciníochas ar an pháirc, dúirt sé le Newstalk Breakfast: ‘Tharla sé go minic. Agus uaireanta rinneadh é toisc go raibh daoine ag iarraidh a bheith níos iomaíche (competitive) agus ag iarraidh buntáiste iomaíoch a fháil.

‘Amanna eile ba mhian le daoine a bheith greannmhar. D’fhág sé rian.

‘Ní theastaíonn uaim go dtarlódh mí-úsáid ciníoch d’aon duine. Tá sé ceart go leor a bheith ag trácht ar conas a d’fheidhmigh duine éigin. Ach nuair a chuireann tú béim ar rud éigin mar sin, glacann sé ton difriúil. Fágann sé a marcanna, fágann sé a “scars”.

‘Tá dualgas ar gach cumann spóirt a chinntiú go bhfuil meas againn ar daoine eile, cibé an bhfuil muid ag breathnú ar, nó ag glacadh páirte inár spóirt.’

Jason Sherlock
Jason Sherlock: ‘Chuir mé aithne ar Lee roinnt blianta ó shin, bhí sé ar cheann de na fáthanna gur labhair mé faoin mí-úsáid chiníoch a gheobhainn ar an bpáirc spóirt … Is fear an-humhal, an-dian-oibreach agus diongbháilte é’

Dúirt Sherlock: ‘Chuir mé aithne ar Lee roinnt blianta ó shin, bhí sé ar cheann de na fáthanna gur labhair mé faoin mí-úsáid chiníoch a gheobhainn ar an bpáirc spóirt … Is fear an-humhal, an-dian-oibreach agus diongbháilte é,’ dúirt sé.

‘Mar sin, ar an gcéad dul síos tá mo smaointe le Lee agus a theaghlach mar, sa deireadh thiar, nuair a fhaigheann tú mí-úsáid chiníoch, is dócha gurb é an tionchar a bhíonn aige sin ar do theaghlach agus ar do chairde timpeall ort atá níos tábhachtaí.’

Dúirt Sherlock: ‘Is eispéireas uafásach é. Is rud é nach mbíonn ar fhormhór na ndaoine in Éirinn deileáil leis.’

  Dúirt Sherlock, áfach, go gcreideann sé go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí ó bhí sé ag imirt sa CLG.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Ní le Fernandes amháin atá an fhadhb:
Laoch Na Dubs Dean Rock ar buile faoi ‘diving’

‘Sin rud amháin a raibh mé dearfach faoi san fhíseán, freagairt na n-imreoirí – foireann Lee,’ a dúirt sé.

‘Nuair a d’imir mé ní raibh a fhios ag éinne cad a bhí ceart nó mícheart; ach bhí a fhios ag na himreoirí a bhí ag imirt le Lee sin go raibh sé seo mícheart agus bhí sé as ord.

‘Tá súil agam go bhfuair Lee go leor suaimhneas as sin.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram