Is é Paul Flanagan a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2023.
Tá an Ghaeilge fite fuaite i saol oibre agus pearsanta Paul agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge de chuid an CLG.
Mar chuid den ról beidh Paul ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an CLG ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Lá Mór na Gaeilge agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.
Bhí an-bhliain ag Paul le hiománaithe an Chláir anuraidh agus tugadh aitheantas dá chuid gaiscí ar an bpáirc imeartha nuair a ainmníodh é ar an ngearrliosta do na All-Stars.
Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann faoi-21 an Chláir nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa bhliain 2013.
Tá neart buaite aige lena chlub Baile Uí Aodha thar na blianta, freisin, ina n-áirítear Craobh Shinsir na Mumhan sa bhiain 2016.
Deir an Choiste Náisiúnta Gaeilge agus foireann Chumann Lúthchleas Gael go bhfuil siad ag súil go mór le bheith ag obair le Paul don bhliain amach romhainn.
Tagann Paul sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí ina Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.