Tá an billiúnaí Jim Ratcliffe ag tairiscint beart do Manchester United a chuirfeadh an lucht leanúna ar buile - mar bheadh na Glazers fós ann.
Ar cheann de na roghanna atá ar an tábla do na Meiriceánaigh Joel agus Avram Glazer bheadh Ratcliffe ag glacadh le sciar (stake) de níos mó ná 50%, agus na Glazers ag coinneáil 20%.
Chiallódh sé sin go leanfar ar aghaidh leis na Glazers, a d’úsáid Manchester United chun airgead a dhéanamh ach a d’fhág an club le fiacha (debts) ollmhóra.
Agus ceaptar gurb é an rogha sin an ceann a ghlacfaidh na deartháireacha Glazer leis, dar leis an Irish Daily Mail.
Mar sin féin, beidh grúpa de lucht tacaíochta Manchester United ag déanamh agóide in aghaidh na Glazers ar chluiche Dé Domhnaigh le Aston Villa.
Máirseálfaidh siad ó lár chathair Manchester go Old Trafford faoin mana ‘full sale only’.
Déanfaidh siad baghcat ar an gcéad 18 nóiméad den chluiche, rud a deir siad a bheith ‘ceann do gach bliain a thiomáin na Glazers ár gclub chun na talún’, roimh dhul isteach sa staidiam.
Is é an spriocdháta le haghaidh tairiscintí an deireadh seachtaine seo.
Is le hinfheisteoirí (investors) níos lú atá an 30% eile, agus d’fhanfaidís faoin togra nua.
Má ghlactar leis an margadh sin, beidh gealltanas infheistíochta breise ó chomhlacht Ratcliffe d’arb ainm Ineos, chun Old Trafford a athfhorbairt nó staidiam nua a thógáil, an áit oiliúna a uasghrádú agus cistí aistrithe substaintiúla (substantial transfer fund) a sholáthar don bhainisteoir Erik ten Hag.
Is é Qatari Sheik Jassim bin Hamad Al Thani an tairgeoir leis an airgead is mó agus tá sé ag iarraidh smacht iomlán a fháil ar Manchester United. Ceaptar gurb é tairiscint iomlán an ceann ab b'fhearr.
Táthar ag súil go roghnófar an t-úinéir nua laistigh de laethanta ionas go mbeidh a n-infheistíocht i bhfeidhm don chéad fhuinneog aistrithe eile, a osclaíonn i mí an Mheithimh.
Idir an dá linn beidh grúpa de lucht tacaíochta Manchester United ag déanamh agóide in aghaidh na Glazers ar chluiche Dé Domhnaigh le Aston Villa.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.