‘Scannalach! Bagairt ó Ambasáid na Rúise’ ar Éireannaigh as ómós a thabhairt don laoch Finbar Cafferkey

29/04/2023

Ba cheart Ambasadóir na Rúise Yury Filatov a chur abhaile tar éis bagairt scannalach do mhuintir na hÉireann, a dúirt iar-aire dlí agus Cirt.

Chuir Ambasáid na Rúise teachtaireacht amach nuair a léirigh an Tánaiste Micheál Martin ómós do Finbar Cafferkey a fuair bás ag troid ar son saoirse na hÚcráine.

Dúirt an ráiteas ón ambasáid go raibh Rialtas na hÉireann agus na meáin chumarsáide in Éirinn freagrach as bás an laoch Cafferkey.

finbar fightn Ukraine 1 720x420 2
Maraíodh Finbar Cafferkey, arbh as Oileán Acla dó agus é ina 40idí, in oirthear na hÚcráine níos luaithe sa tseachtain

Ina dhiaidh sin dúirt iar-aire dlí agus cirt Charlie Flanagan go raibh an bhagairt ó Ambasáid na Rúise ‘intimidating & chilling’.

 ‘Anois tá siad ag tabhairt aghaidh ar thorthaí a gcuid iarrachtaí féin,’ a dúirt an teachtaireacht ón Ambasáid, ag labhairt faoi Rialtas na hÉireann agus na meáin sa tír seo.

Dúirt an Ambasáid, cé nach bhfuil siad cinnte an léiríonn tuairimí an Uasail Martin tacaíocht do mhuintir na hÉireann a bheith rannpháirteach sa troid ar son saoirse na hÚcráine, ‘tá a fhios againn dá mbeadh sé sin amhlaidh, go mbeadh Éire ina rannpháirtí díreach sa chhoimhlint (conflict) agus na hiarmhairtí (consequences) go léir a bheadh ann.’

Ag roinnt an ráitis arTwitter, d’iarr an tUasal Flanagan, atá fós ina TD de chuid Fhine Gael, go ndéanfaí Ambasadóir na Rúise Yury Filatov agus daoine eile atá ag obair san ambasáid a dhíbirt as an tír.

russian ambassadorYury Filatov 1 768x448 1
Ambasadóir na Rúise Yury Filatov

‘Ráiteas bagrach, imeaglaithe & scanrúil  (threatening, intimidating & chilling) ó ambasáid na Rúise, Baile Átha Cliath,’ a scríobh an tUasal Flanagan ina tweet.

‘Tá na ráitis naimhdeacha seo do-ghlactha. Tá sé in am dúinn an t-Ambasadóir Filatov agus a chriú ár dtír a fhágáil.’

Maraíodh Finbar Cafferkey, arbh as Oileán Acla dó agus é ina 40idí, in oirthear na hÚcráine níos luaithe sa tseachtain. D’iarr an Tánaiste Micheál Martin ‘fear óg le prionsabail shoiléire’ air.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram