Tá ómós brónach agus mothúchánach scríofa ag an drumadóir leis an Script Glen Power dá chara agus iar-chomhghleacaí an bhanna Mark Sheehan, ag geallúint go mbeidh sé ag canadh lá amháin leis arís ar an stáitse mhór sa spéir.
Bhí brón ar lucht leanúna an Script, seachtain ó shin, nuair a fógraíodh go bhfuair Mark, 46, bás san ospidéal ‘tar éis breoiteachta gairid’.
Bhí Mark, ó Bhaile Átha Cliath, ar dhuine de na taibheoirí (performers) is rathúla in Éirinn. Chuaigh sé ar camchuairt ar fud an domhain leis an Script go minic agus chuir sé seacht n-albam a bhí an-tóir orthu amach in Éirinn.
Ag labhairt dó don chéad uair tar éis bhás a chomhghleacaí agus a chara, chuaigh Glen chuig na meáin shóisialta chun cuimhneamh ar Mark.
‘Tá sé chomh deacair na focail seo a scríobh. Ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil mé á scríobh. Tá breis is seachtain caite ó chailleamar ár gcomhghleacaí banna, cara agus deartháir-i-arm.
‘Ba i 2005 a bhuail mé le Mark Sheehan. Thuig muid a chéile láithreach. Bhí a fhios agam go ndéanfadh sé pé rud a dúirt sé.
‘Oíche amháin agus muid amach le chéile, dúirt sé liom “Tá mé ag tabhairt go dtí an barr thú”, agus mé ag breathnú siar anois, 10 mbliana níos déanaí, is féidir liom a rá go hionraic gur fear dá focal a bhí Mark.
‘Do bhanna Éireannacha a bheith ag seinm i bPáirc an Chrócaigh do 82,000 duine ina mbaile dúchais os comhair a gcairde agus a muintire, sin an barr,’ a dúirt sé.
Dúirt Glen go seasfaidh ‘stair an bhanna i gcónaí mar theist ar thiomáint agus ar fhís Mark Sheehan’, mhol Glen pearsantacht Mark agus a thiomantas chun rathúlachta.
‘Ba é a chreideamh sa mhéid a chonaic sé ionainn le chéile a spreag gach duine an chuid is fearr a dhéanamh, agus a thug ar aghaidh sinn i ndáiríre.
‘Ba ceannaire é i ngach ciall den fhocal, caillfidh mé a threo, a chreideamh, a eitic oibre agus a féith ghrinn (sense of humour).
‘Nuair a bhí an promogeddon ag cuir brú orainn, bhí jóc aige i gcónaí agus muid ag déanamh agallaimh. Bhí a fhios aige nach raibh mé in ann mo chuid gáire a rialú agus dhéanfadh sé é seo liom ar feadh na mblianta.
‘Thig leis a bhrath nuair a bhíomar go léir neirbhíseach nó tuirseach agus chuirfeadh sé deireadh leis le “one-liner” a bhí go breá agus leanfadh sé ar aghaidh ag ligint air nár dúirt sé tada ar chor ar bith, agus ní bheadh Danny agus mise in ann sinn féin a smachtú,’ dúirt Glen.
Dúirt sé: ‘Anuraidh agus muid ag taistil, bhí Mark ag tabhairt leideanna dom ar amhránaíocht, ag roinnt cleachtaí liom a d’úsáid sé féin..
‘Bhí i bhfad níos mó a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh leis. Ní hamháin go raibh bealach aige le focail, bhí bealach aige chun iad a úsáid i seomra lán de dhaoine, a spreag thú a bheith ag iarraidh oibriú chomh crua agus a d’fhéadfá chun é a dhéanamh chomh hard agus is féidir.
‘Thaistil muid chomh fada agus chomh leathan, chonaic muid an oiread sin aghaidheanna agus áiteanna nach raibh súil againn a fheiceáil, sinn in aghaidh an domhain, Bráithreachas.
Mark, brathaim tú uaim mo chara daor, rinne muid é, rinne muid é.
‘Ach thar aon rud eile, go raibh maith agat as na gáirí, as an gcairdeas agus as muid go léir ag teacht le chéile… tá a fhios agam go bhfeicfidh mé arís thú lá amháin ar an stáitse mór sin sa spéir agus is féidir linn an t-amhrán sin a chríochnú… Go raibh maith agat as gach rud, Gráim thú, a dheartháir.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.