Féach ar fiseán: Hegarty fearg le dearg … ach fós bhí an bua ag Luimneach i gcoinne Port Láirge de chuid Davy Fitz

Fuair Gearoid Hegarty as Luimneach cárta dearg, a chuir fearg mhór air, ach fós féin bhí an bua ag Luimneach i gcoinne Phort Láirge i gCraobh Iomána na Mumhan.

Tháinig siad amach ar an barr in aghaidh fhoireann Phort Láirge 1-18 in aghaidh 0-19.

 Mar sin féin, beidh aiféala ar Phort Láirge as líon na huaireanta a chuir siad an liathróid ar fóraoil.

Bhí Luimneach de chuid John Kiely 0-08 chun cinn ar 0-03 tar éis an 20 nóiméad tosaigh a bheith caite, le Aaron Gillane ag aimsiú cúilíní le poic shaoir, agus ón imirt freisin.

Chuir Peter Casey agus Seamus Flanagan lena chuid iarrachtaí go cumasach agus ba é cúl Flanagan sa 21ú nóiméad a thug neart spáis do Luimneach sa chéad chluiche na Mumhan seo.

Limerick Waterford 1
Aaron Gillane as Luimneach i ngleic le Conor Prunty agus cúl báire Phort Láirge Billy Nolan le linn a gcluiche i gCraobh Iomána na Mumhan. Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile

Mar sin féin ní raibh ach trí phointe eile ag Luimneach idir cúl Flanagan agus deireadh an chéad leath agus choinnigh na Deise iad féin sa chluiche trí scileanna Stephen Bennett.

Fuair Bennett sé phointe as an seacht a bhí ag Port Láirge sa 35 nóiméad tosaigh, agus fuair Jamie Barron an ceann eile agus an cluiche ag teacht go dtí an t-am breise.

Thosaigh imreoirí Davy Fitzgerald an dara leath níos fearr ná Luimneach freisin. Scóráil Dessie Hutchinson pointe amháin agus fuair Bennert dhá cheann. Chiallaigh sé seo go raibh an scór céanna ag na foirne go luath isteach sa dara leath.

Ansin fuair Gillane scór iontach ó shaor do Luimneach, áfach. Ba é sin an chéad scór a bhí ag a fhoireann sa dara leath.

Mar sin féin, bhí roinnt streachailt  agus caloisí i rith an chluiche a d’fhág gur thug an réiteoir cártaí buí amach.

Thairis sin, bhí cárta dearg amháin ann. Ba é Gearoid Hegarty a fuair é tar éis dó teacht isteach go mór ar Conor Gleeson ar an taobhlíne. Spreag sin an réiteoir Liam Gordon chun an dara cárta buí a thaispeáint dó.

Theip ar Phort Láirge an buntáiste a bhí acu a úsáid agus ba iad seaimpíní Craobh na hÉireann Luimnigh – nach raibh ach 14 fear acu ar an bpáirc – a scóráil na ceithre phointe eile. Tar éis sin bhí siad sé phointe chun tosaigh ar Phort Láirge.

Bhí Bennett ag déanamh a dhícheall, seachas botún beag; chuir sé an sliotar ar fóraoil 21 slat ó chúl Luimneach ach ansin scóráil sé ó shuíomh i bhfad ní ba dheacra a bhí thar an líne 65.

Ansin scóráil Patrick Fitzgerald agus Dessie Hutchinson pointí chun trí phointe a chur idir na taobhanna.

D’fhreagair Gillane go tapa le poc saor ón taobh eile sular fhág poc ó Austin Gleeson an bhearna arís ar trí phointe. Bhí sé sin díreach roimh na seacht nóiméad d’am breise.

Chuir Diarmaid Byrnes pointe eile thall do Luimneach tar éis do cúl báire Phort Láirge Billy Nolan stop a chur ar iarracht Iontach Gillane cúl a fháil. Scóráil Bennett agus Gleeson dhá scór deiridh an chluiche, ach fós bhí an bua ag Luimneach le dhá phointe

Luimneach

N. Quaid; S. Finn, D. Morrissey, B. Nash; D. Byrnes, D. Hannon (c), K. Hayes; D. O Donovan, W. O Donoghue; G. Hegarty, C. Lynch, T. Morrissey; S. Flanagan, A. Gillane, P. Casey.

scórálaí Luimnigh: A. Gillane (0-7, 5 in aisce); S. Flanagan (1-1); D. Byrnes (0-3, 2 in aisce); P. Casey, G. Hegarty, T. Morrissey (0-2 an ceann); B. Nash (0-1).

Ionadaithe Luimnigh: M. Casey for D. Hannon (inj 15); C. O Néill for S. Flanagan (60); D. Reidy for W. O’Donoghue (69); C. Boylan fr P. Casey (70+4).

Port Láirge

B. Nolan, C. Gleeson, C. Prunty, M. Fitzgerald; C. Lyons, T. de Búrca, J. Fagan; J. Barron (j-c), N. Montgomery; C. Dunford, S. Bennett (j-c), D. Lyons; D. Hutchinson, M. Kiely, J. Prendergast.

scórálaí  Phort Láirge: S. Bennett (0-12, 10 in aisce); D. Hutchinson (0-3); J. Barron, Patrick Fitzgerald, C. Gleeson, A. Gleeson (0-1 an ceann).

Ionadaithe Phort Láirge: T. Barron for T. de Búrca (inj 23); A. Gleeson for C. Dunford (51); Paudie Fitzgerald ar son N. Montgomery, Patrick Fitzgerald do J. Prendergast (61 an bheirt).

Réiteoir: L. Gordon (Gaillimh).

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram