Tá an briosca is fearr le tum sa tae aimsithe… ach is císte é!

D’aimsigh staidéar nua an briosca is fearr le tum (dunk) a dhéanamh leis, ach ní briosca é ar chor ar bith. Is císte é!

Is eol don chuid is mó againn go bhfuil ábhar tae agus brioscaí an-tábhachtach. Mar sin beidh torthaí an staidéir nua seo suimiúil.

Léiríodh i dturgnamh eolaíoch (scientific study) gurb é an Jaffa Cake an briosca is éasca le tum a dhéanamh leis, agus gurb é an Digestive an ceann is lú a oireann don tasc.

Chuir taighdeoirí 17 de na brioscaí is coitianta isteach san uisce ag meánteocht cupán tae – timpeall 70C-75C – agus thaifead siad cé chomh fada agus cé mhéad tuma a thóg sé orthu briseadh óna chéile.

Ag teacht isteach ar dtús bhí an Jaffa Cake – conspóideach do go leor daoine a deir nár briosca é – a sheas in aghaidh 116 tum roimh bhriseadh. Mhair sé trí nóiméad agus 16 soicind.

Jaffa Cakes 1068x623 1
Tá an Jaffa Cake conspóideach do go leor daoine a deir nár briosca é

Go dlíthiúil meastar gur císte iad ach faightear go rialta iad sa phasáiste brioscaí sa siopa.

Sa dara háit bhí an Chocolate Leibniz, a mhair 80 tum nó dhá nóiméad agus 20 soicind, go dlúth le leanúint ag an Bourbon ag 78 tum nó dhá nóiméad 28 soicind.

San áit dheireanach a tháinig an Digestive, nár mhair ach sé tum – nó 12 soicind.

D’admhaigh urlabhraí do TopRatedCasinos, a rinne an taighde, go raibh an Jaffa Cake ‘b’fhéidir ina bhuaiteoir beagán conspóideach’.

digestive biscuit81
D’admhaigh siad gurbh í an Digestive an briosca is fearr le tum sa vótaíocht de bhreis is 2,000 duine

Agus in ainneoin an taighde sin, déanfaidh óltóirí tae pé rud  is maith leo ar aon nós, mar d’admhaigh TopRatedCasinos freisin gurbh í an Digestive an briosca is fearr le tum sa vótaíocht de bhreis is 2,000 duine, agus bhí Rich Tea sa dara áit.

Cá fhad a mhaireann siad?

Jafa Cake 116 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 3 nóiméad agus 16 soicind;

Chocolate Leibniz 80 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 2 nóiméad agus 20 soicind;

Bourbon 78 tum sula briseann sé agus maireann sé 2 nóiméad agus 28 soicind;

Shortbreak 40 tum sula mbrisfidh sé agus maireann sé 1 nóiméad agus 15 soicind;

Hobnob 27 tum sula briseann sé agus maireann sé 52 soicind;

Chocolate Digestive 27 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 47 soicind;

Custard Cream 25 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 47 soicind;

Rich Tea 22 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 39 soicind;

Ginger Nut 7 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 15 soicind;

Digestive 6 tum sula mbriseann sé agus maireann sé 12 soicind.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram