Ba cheart go mbeadh tástáil drugaí ‘mandatory’ ar na gardaí, a deir Fianna Fáil

Ba cheart réimeas le tástáil drugaí éigeantach (mandatory) ar na gardaí a chur i bhfeidhm ‘gan mhoill’, chun muinín a chothú san fhórsa, a dúirt Fhianna Fáil.

In 2015, dúirt Preasoifig an Gharda Síochána go raibh polasaí le tástáil ag ‘céim chun cinn’, ach fós bíonn reachtaíocht ar an gceist ag brú ar ais arís agus arís eile.

Dúirt an Jim O’Callaghan, urlabhraí Dlí agus Cirt de chuid Fianna Fáil, leis an Irish Daily Mail: ‘Ba cheart é a thabhairt isteach anois. Tá sé tábhachtach go dtabharfar isteach tástáil drugaí chun muinín inár ngardaí a chaomhnú.

‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil an cumas iomlán ag gardaí a bheith in ann an jab an-dian seo a dhéanamh.’

Simon Harris 1 768x448 1
Simon Harris: ‘Tá nasc díreach idir ‘snorting a line’ nó piolla a ghlacadh agus dúnmharú, ionsaí, coiriúlacht agus ainnise’

Tagann an glao tar éis do gharda baineann, atá sna 30idí, a ghabháil ar amhras go raibh cóicín ina sheilbh aici ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ar Déardaoin seo caite.

Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána nach nglacann an fórsa le mí-úsáid drugaí ag pearsanra an Gharda Síochána.

Dúirt an t-urlabhraí: ‘Tabharfar isteach tástáil ar phearsanra an Gharda Síochána le haghaidh drugaí rialaithe laistigh den ionad oibre chun a n-úsáid a chosc agus a dhíspreagadh (prevent).’

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Comhlachtaí fuinnimh ag cur billí
chuig custaiméirí fiú má tá a gcuntais sochar le na céadta euro sa bhreis

Dúirt sé go mbeidh aon garda a bhfuil amhras fúthu go bhfuil drugaí ina seilbh acu go neamhdhleathach á bhfiosrú go hiomlán ó dhearcadh coiriúil agus smacht.

Jim O27Callaghan TD
Jim O’Callaghan: ‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil an cumas iomlán ag gardaí a bheith in ann an jab an-dian seo a dhéanamh.’

Dúirt an t-urlabhraí freisin: ‘Tá an Garda Síochána ag tabhairt isteach clár tástála Beartais um Mí-Úsáid Substaintí, Drugaí Rialaithe (Substance Abuse Policy, Controlled Drugs) laistigh den eagraíocht, i gcomhairle le comhlachtaí ionadaíocha (representative bodies), agus faoi réir na bhforálacha reachtúla riachtanacha (required statutory provisions) a thabhairt isteach.’

An mhí seo caite fuarthas amach, i dtuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil Éireannaigh ar an gceathrú tomhaltóir (consumers) cóicín is airde ar fud an domhain.

Dúirt an tUasal O’Callaghan: ‘Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cóicín tar éis é féin a chur isteach go láidir i ngach gné de shochaí na hÉireann.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Féach ar fiseán:
Hegarty fearg le dearg … ach fós bhí an bua ag
Luimneach i gcoinne Port Láirge de chuid Davy Fitz

‘Ba chóir go mbeadh daoine ar an eolas faoi thorthaí andúile (addictive) an chóicín agus na contúirtí a bhaineann leis, go háirithe na torthaí sláinte. Caithfidh daoine a bheith feasach ar an damáiste a dhéanann sé do phobail.’

Níos luaithe i mbliana, cháin an tAire Dlí agus Cirt eatramhach Simon Harris úsáid na ndrugaí in Éirinn. Dúirt sé: ‘Tá nasc díreach idir ‘snorting a line’ nó piolla a ghlacadh agus dúnmharú, ionsaí, coiriúlacht agus ainnise.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram