Níl an cás maidir le marú bean ag dul ar aghaidh i gcoinne Alec Baldwin … ach tá an scannán

Níl an cás maidir le marú bean ar seit scannán ag dul ar aghaidh i gcoinne Alec Baldwin, agus tá an réalta Hollywood ar ais ag obair ar an scannán.

Bhí dhá chúiseamh os a chomhair, as dúnorgain ainneonach (involuntary manslaughter) mar gheall ar lámhach marfach (fatal shooting) Halyna Hutchins, ar sheit an scannáin, Rust, i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Cúisíodh Hannah Gutierrez-Reed, a bhí freagrach as na gunnaí ‘prop’ a sholáthar ar an scannán, as dúnorgain ainneonach freisin. Dúirt a dlíodóir gur cuireadh ar an eolas é faoi chinneadh I gcás Baldwin, ach go bhfuil an cúiseamh ina coinne ag dul ar aghaidh.

Phléasc gunna prop a bhí ag Baldwin a mharaigh Ms Hutchins agus gortaíodh an stiúrthóir Joel Souza.

Fógríodh nach bhfuil an cás ag dul ar aghaidh coicís roimh éisteacht le cinneadh a dhéanamh an bhfuil dóthain fianaise ann chun é a thabhairt chun trialach.

Alec Baldwin 1
Dúirt oifig an Ard-Aighne Dúiche, áfach, go raibh Balwin ag úsáid ‘fancy attorneys’ chun ‘aird a tharraingt ar an mórfhaillí (gross negligence)’ sa chás.

Bhí Ard-Aighne Dúiche (district attorney) Santa Fe, Mary Carmack-Altwies, agus an t-ionchúisitheoir speisialta sa chás, Andrea Reeb, tar éis éirí as an gcás roimhe seo.

Tháinig a gcinntí tar éis argóintí idir an dá thaobh. Dúirt dlíodóirí Baldwin nár cheart go mbeadh Ms Reeb ag ionchúiseamh an cháis mar gur toghadh í chuig post i dTeach Ionadaithe Nua-Mheicsiceo.

Dúirt oifig an Ard-Aighne Dúiche, áfach, go raibh Balwin ag úsáid ‘fancy attorneys’ chun ‘aird a tharraingt ar an mórfhaillí (gross negligence)’ sa chás.

Dhiúltaigh Heather Brewer, urlabhraí d’oifig an Ard-Aighne Dúiche do Chontae Santa Fe trácht a dhéanamh ar an cinneadh.

Dúirt dlíodóirí ar son Balwin, i ráiteas: ‘Táimid sásta leis an gcinneadh sa chás i gcoinne Alec Baldwin agus molaimid go ndéanfaí imscrúdú ceart ar fhíricí agus ar chúinsí na timpiste tragóideach seo.’

Tá obair ar an scannán tosaithe arís cheana féin i stát Montana.

Tá sé ráite ag Baldwin gur dúradh leis nach raibh aon lón lámhaigh beo sa ghunna a raibh sé ag cleachtadh leis agus go raibh sé ag leanúint treorach agus é ag cleachtadh leis an ghunna.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram