Saol Paul O’Grady á cheiliúradh ag daoine áitiúla, daoine cáiliúla agus madraí

Tá an réalta teilifíse Paul O’Grady, a raibh an-tóir air mar Lily Savage freisin, curtha i ndiaidh sochraide le daoine áitiúla, daoine cáiliúla agus madraí.

Fuair Paul bás ‘gan choinne ach go síochánta’ ar 28 Márta agus bhí a shochraid phríobháideach i sráidbhaile Bonnington i Kent agus ansin i bPáirc Safari Port Lympne i Kent.

Roimh an tseirbhís, bhí fear céile O’Grady, Andre Portasio, ag caoineadh agus é ag marcaíocht sa charráiste a bhí tarraingthe ag dhá chapall dhubha. Bhí an carráiste maisithe le bláthfhleasc (wreath) dá madra Buster, agus ceann dá madraí eile, Conchita, ar a ucht.

Paul OGrady Funeral 1 960x560 1
Bhí fear céile O’Grady, Andre Portasio, ag caoineadh agus é ag marcaíocht sa charráiste a bhí tarraingthe ag dhá chapall dhubha

Chuir madra ó Battersea Dogs And Cats Home fáilte roimh na daoine a tháinig isteach ag an tsochraid.

Dúirt Ali Taylor ón ‘Home’: Lá crua a bheidh ann do chách. Táimid anseo chun ómós mór a thabhairt do Paul agus do gach a bhfuil déanta aige do gach duine, do na pobail éagsúla go léir, agus go háirithe do Battersea.’

Dúirt Captaen Arm an tSlánaithe (Salvation Army) Jo Moir: ‘D’oibrigh Paul linn nuair a bhí sé ina oibrí sóisialta – déanaimid dearmad gur oibrí sóisialta a bhí ann sula raibh sé ina thaibheoir (performer).

Paul OGrady Funeral 2 1168x681 1
Chuir madra ó Battersea Dogs And Cats Home fáilte roimh na daoine a tháinig isteach ag an tsochraid

‘Agus sna 1980í le linn eipidéim Aids agus HIV, chabhraigh sé, ag síneadh amach chuig na fir óga, a raibh go leor acu ag fáil bháis leo féin.’

Chuir an Rev Canon Roger Martin fáilte roimh theaghlach agus chairde lena n-áirítear an fear grinn Julian Clary, an t-aisteoir Sheila Hancock, agus baintreach fir Barbara Windsor nach maireann, Scott Mitchell.

Dúirt an Rev Martin: ‘Bhí an giúmar an-jolly. Bhí roinnt taifeadtaí de Paul, clipeanna iontacha, rogha maith de cheol éagsúil, bhí sé éadrom. Ócáid mothúchánach a bhí ann.’

Chuir sé síos ar mholtóireacht Clary mar rud ‘an-siamsúil’.

Paul OGrady 4
Paul O’Grady: ‘Agus s’Sna 1980í le linn eipidéim Aids agus HIV, chabhraigh sé, ag síneadh amach chuig na fir óga, a raibh go leor acu ag fáil bháis leo féin’

Sheinn Banna Arm an tSlánaithe amhráin ar nós Tomorrow ón gceoldráma Annie, ina raibh O’Grady páirteach ann i léiriú camchuairte tráth a bháis.

Bhí an giotáraí Rolling Stones Ronnie Wood agus an fear grinn Alan Carr i measc na ndaoine cáiliúla freisin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram