Plean do páirtí le haghaidh feirmeoirí agus cúrsaí tuaithe … agus 15 TD mar aidhm acu

Tá páirtí polaitíochta nua á phleanáil chun feachtais ar son feirmeoirí agus cúrsaí tuaithe – agus é mar aidhm aige 15 shuíochán a bhuachan sa Dáil agus ról sa Rialtas.

TD Ros Comáin-Gaillimh Michael Fitzmaurice ag bunú an pháirtí le pleananna chun seasamh in aghaidh bheartais an Chomhaontais Ghlais, dar leis an Irish Daily Mail.

Dúirt sé leis an Mail: ‘Is é seo an babhta deireanach sa troid ar son na tuaithe in Éirinn.’

Agus níos mó suíochán ar fáil sa chéad toghchán eile, deir an tUasal Fitzmaurice go mbeidh suíocháin ann do pháirtí nua a bheidh ag troid i gcoinne chlár oibre na nGlasach.

Dúirt sé go bhfuil fuath do pholasaithe an Chomhaontais Ghlais i gceantair thuaithe, agus go háirithe i measc an phobail feirmeoireachta.

Michael Fitzmaurice 3 480x672 1
Michael Fitzmaurice: An mhí seo caite, chuir páirtí feirmeoirí stangadh as polaitíocht na hÍsiltíre nuair a fuair siad beagnach 20% den vóta sna toghcháin cúige, ag tógáil 15 suíochán

Dúirt sé leis an Mail: ‘Tá sé an-soiléir anois go bhfuil spás ann do pháirtí polaitíochta atá bunaithe faoin tuath.

‘Ní bheadh am ar bith agam do na Glasaigh, ach caithfidh mé a rá, mar gheall ar an mbealach a n-eagraítear iad, go bhfuil siad ag fáil a bhfuil á chreidiúint acu.

‘Ní aontaím leo, ach tá ag éirí leo.

‘Mura bhfuil rud éigin ar fáil atá a mhalairt ar fad leis na Glasaigh eagraithe don tuath in Éirinn, is féidir leat dearmad a dhéanamh fúinn.’

Is TD Neamhspleách é an tUasal Fitzmaurice anois ach dúirt sé go bhfuil ‘an lá thart do neamhspleáchas ina aonar’.

Tá a chuid pleananna cosúil le himeachtaí san Eoraip

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
‘Suspended sentence’ d’oifigeach a rinne
ionsaí gnéis ar shaighdiúir …
ach tá sé curtha as an Airm

An mhí seo caite, chuir páirtí feirmeoirí stangadh as polaitíocht na hÍsiltíre nuair a fuair siad beagnach 20% den vóta sna toghcháin cúige, ag tógáil 15 suíochán agus ag éirí mar an páirtí is mó i dteach uachtarach na parlaiminte.

Bunaíodh an ghluaiseacht Feirmeoirí-Saoránaigh (Farmer-Citizen movement, BBB) in 2019 de bhun agóidí forleathan feirmeoirí.

Tá sé ag iarraidh bac a chur ar phleananna an rialtais chun astaíochtaí díobhálacha nítrigine (harmful nitrogen emissions) a laghdú trí líon beostoic (livestock) a laghdú go mór agus na mílte feirmeacha a cheannach.

Eamon ryan New 768x448 1
Beidh an páirtí nua in aghaidh Eamon Ryan agus an Comhaontas Glas. Deir Mitzmaurice: ‘Tá sé an-soiléir anois go bhfuil spás ann do pháirtí polaitíochta atá bunaithe faoin tuath’

Tá Coimisiún Toghcháin (Electoral Commission) bunaithe anseo cheana féin, agus táthar ag súil go molfaidh sé méadú idir deich agus 20 TD nua, mar chuntas ar mhéadú ar dhaonra na tíre.

Agus dúirt an tUasal Fitzmaurice: ‘Beidh an chéad Dáil eile comhdhéanta de Fianna Fáil agus Sinn Féin, nó Fianna Fáil, Fine Gael agus 15 go 20 eile.

‘Agus pé bealach a théann sé, sin é.’ Tá sé ag díriú ar 15 go 20 TD.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Ceannaire nua RTÉ Kevin Bakhurst,
Sasanach ar son na Gaeilge

‘Beidh an chéad Dáil eile níos mó,’ a dúirt sé, agus é ag tagairt don Choimisiún Toghcháin, a bhfuiltear ag súil go molfaidh sé méadú idir deich agus 20 TD nua mar chuntas ar mhéadú ar dhaonra na tíre.

D’fhreastail an tUasal Fitzmaurice ar chruinniú tionscnaimh an Farmers Alliance ar an deireadh seachtain, eagraíocht nua atá ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son daoine faoin tuadh in Éirinn.

Dúirt sé gur labhair daoine éagsúla ag an gcruinniú ag rá ‘nach rabhthas ag éisteacht leo’.

Labhair Caroline van der Plas, ceannaire na gluaiseachta BBB/Feirmeoir-Saoránach san Ísiltír, ag an imeacht freisin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram