Ionsaí ar ambasadóir an Aontais Eorpaigh go Súdáin, an Éireannach Aidan O’Hara

Bhí ionsaí ar an tÉireannach Aidan O’Hara, ambasadóir an Aontais Eorpaigh go dtí an tSúdáin, ina theach cónaithe.

D’fhulaing an Ambasadóir O’Hara, atá 58 bliain d’aois, an t-ionsaí i Cartúm.

Maraíodh thart ar 200 duine agus gortaíodh 1,800 tar éis trí lá de chogaíocht sa tír, mar gheall ar an troid idir arm na Súdáine agus grúpa paraimíleata.

OHara pic 768x448 1
D’fhulaing an Ambasadóir O’Hara, atá 58 bliain d’aois, an t-ionsaí i Cartúm.

Chuir an taidhleoir (diplomat) sinsearach Eorpach Josep Borrell in iúl ar Twitter ‘gur ionsaíodh Ambasadóir an AE sa tSúdáin ina theach cónaithe féin’.

Dúirt urlabhraí an AE Nabila Massrali go raibh an tUasal O’Hara ‘ceart go leor’ tar éis an ionsaí.

Dúirt Ms Massrali nach bhfuil toscaireacht (delegation) an Aontais Eorpaigh aslonnú (evacuation) ach go bhfuil measúnú á dhéanamh ar bhearta slándála.

sudan 3
Maraíodh thart ar 200 duine agus gortaíodh 1,800 tar éis trí lá de chogaíocht sa tír, mar gheall ar an troid idir arm na Súdáine agus grúpa paraimíleata

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin nach raibh ‘an tUasal O’Hara gortaithe go dona’.

Dúirt sé: ‘Is taidhleoir Éireannach agus Eorpach den scoth é Aidan atá ag freastal ar an AE sna cúinsí is deacra.

‘Gabhaimid buíochas leis as a sheirbhís agus iarraimid go gcuirfí stop práinneach leis an bhforéigean sa tSúdáin, agus go gcuirfear tús leis an idirphlé arís.’

Bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha i dteagmháil leis an Ambasadóir O’Hara.

D’iarr na Náisiúin Aontaithe ar sos cogaidh láithreach ach tá imní mhór léirithe ag comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas Eorpach.

micheal martin 768x448 2
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin nach raibh ‘an tUasal O’Hara gortaithe go dona’ Pic: Liam McBurney/PA Wire

Bhí ionadaithe na Náisiún Aontaithe i ndlúth-theagmháil leis an dá cheannaire cogaíochta, siad sin  príomhfheidhmeannach an airm Abdel Fattah al-Burhan agus a iar-leas, Mohamed Hamdan Daglo, ar a dtugtar Hemedti, ceannaire na ‘Rapid Support Forces’ (RSF).

D’fhás an RSF as an grúpa míchlúiteach Janjaweed, a bhí freagrach as na blianta d’fhoréigean ollmhór i Darfur.

Tháinig an bheirt fhear ar cumhacht le chéile i coup d’etat, ag cur as an rialtas sibhialta tar éis míonna d’agóidí sráide ar son an daonlathais.

Tá an bheirt ghinearálta cúisithe as sáruithe ar chearta an duine.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram