Tá Simeon Burke curtha faoi ‘réimeas srianta ‘restricted regime)’ i bpríosún Chnoc na Seamar (Cloverhill), de réir tuairisce sa Sunday Independent.
Tuairiscíodh don ghobharnóir go bhféadfadh an mac léinn dlí a bheith faoi bhagairt (threat) nó go bhféadfadh sé a bheith leochaileach (vulnerable) sa phríosún.
Cuireadh Burke, 24, ‘faoi chosaint’, faoi Riail 63 de rialacha na seirbhíse príosúin, a tharlaíonn nuair a ardaíonn tríú páirtí ábhair imní (concern) roimh bhagairt.
Tuigtear gur cuireadh na hábhair imní in iúl timpeall trí seachtaine ó shin.
Ní mór príosúnaigh a chuirtear faoi chosaint a choinneáil i gcill ina n-aonar agus beagnach an lá agus an oíche ar fad a chaitheamh faoi ghlas ina n-aonar.
Is é Simeon, deartháir níos óige an mhúinteora scoile Enoch Burke, atá páirteach in aighneas atá ar siúl le fada lena iar-fhostóir Wilson’s Hospital School san Iarmhí.
Tá cead ag an mac léinn dlí aclaíocht a dhéanamh i gclós an phríosúin ina aonar chomh maith le freastal ar áiseanna príosúin eile, ach i ndáiríre tá sé á choinneáil ina aonar.
Tá Simeon Burke ar athchur (remand) sa phríosún agus é cúisithe as sárú na síochána tar éis eachtraí sa Chúirt Achomhairc Appeal Court) a bhain le cás a dhearthár ó thús na míosa seo caite.
Ar an Aoine, rialaigh an Ard-Chúirt go bhfuil an mac léinn dlí óg á choinneáil go dleathach i bPríosún Chnoc Seamar.
Dúirt an Breitheamh Brian Cregan nach raibh aon bhunús le haighneachtaí agus imní an Uasail Burke.
Dúirt sé go bhfuil ‘iarmhairtí ag gníomhartha (actions have consequences)’ agus gur mar thoradh ar a ghníomhartha féin a bhí cás an Uasail Burke.
Séanann an tUasal Burke an cúiseamh agus tá a thriail le bheith ar siúl sa Chúirt Dúiche (District Court) Dé Luain.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.