Ó tharla an foréigean sa Chúlóg (Coolock), agus i lár chathair Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna seo caite, tá roinnt polaiteoirí agus tráchtairí ag gearán faoi fhir óga.
Mar sin féin, léiríonn píosaí físe agus pictiúir ó na meáin ó agóidí frith-inimirce éagsúla ar fud na tíre nach bhfuil go leor de na hagóideoirí óg ar chor ar bith.
I go leor cásanna is fir agus mná meánaosta a chuireann cosc go dian ar oibrithe.
Agus is iad na fir agus na mná meánaosta céanna atá ag scairteadh maslaí ar inimircigh –toisc gur inimircigh iad – agus ag cur imeagla orthu siúd atá ina gcoinne.
Agus is daoine meánaosta freisin, i go leor cásanna, iad siúd a gabhadh tar éis an fhoréigin sa Chúlóg (Coolock) an tseachtain seo.
Ar ndóigh, ní bhfuarthas aon duine a gabhadh ciontach go dtí seo.
Bhí Philip Dwyer ar dhuine díobh siúd a gabhadh sa Chúlóg. Chuir sé síos air féin mar ‘iriseoir saoránach (citizen journalist)’.
Tá sé 56 bliain d’aois agus cé gur mháirseáil an lucht agóide leis an mana ‘Coolock says no’, níl cónaí air sa Chúlóg, tá cónaí air i dTamhlacht (Tallaght).
Bhí sé i measc 15 duine a tháinig os comhair cúirte oíche Dé Luain, cúisithe i raon de chionta oird phoiblí i ndiaidh na heachtraí i gCúlóg.
Tháinig triúr fhear déag agus beirt bhan os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla.
Cúisíodh an 15 duine i raon cionta faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994. Níl ach ceathrar acu faoi bhun 20 bliain d’aois.
Tá fear amháin 23 bliana d’aois, agus tá an chuid eile ina 20í déanacha, 30í, 40idí agus 50idí.
Sheas Philip Dwyer, as Crois Thamhlachta (Tallaght Cross), Tamhlacht Thiar, do shuíochán sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla le déanaí, ach níor éirigh leis a dhóthain tacaíochta a fháil ó mhuintir na háite ina cheantar.
Dúirt a dhlíodóir leis an gcúirt gur ‘iriseoir saoránach mar chaitheamh aimsire’ é, a ‘thuairiscíonn ar chruinnithe’ go minic.
D’fhreagair an Breitheamh Dermot Dempsey: ‘Is féidir leis maireachtáil le hiarmhairtí anois. Má sháraíonn sé na coinníollacha bannaí, d’fhéadfaí cúlghairm a dhéanamh ar na bannaí agus d’fhéadfaí é a choinneáil.’
Bhí Anthony Moody, 34, ó Clonshaugh Walk, Baile Átha Cliath 17, i measc na gcéad daoine a tháinig os comhair cúirte.
Bhí Mia Johanna Kearney, 28, nach bhfuil aon áit chónaithe liosta di, agus atá ag obair mar ghruagaire (hairdresser) páirtaimseartha, os comhair na gcúirteanna freisin.
Cúisíodh freisin Dean Ward, 29, as Corrán Cromcastle, An Chúlóg; Colin Belton, 28, as Ascaill Belcamp i gCoill an Phrióra (Priorswood), Baile Átha Cliath 17; Christopher Byrne, 27, as Marigold Crescent i Darndale; John Turner, 40, as Plás Ferrycarrig, An Chúlóg; Josh Hanlon, 23, as Marigold Crescent i Darndale; Patrick Scanlon, 38, as Marigold Crescent freisin.
I láthair freisin bhí Andrew Vickery, 30, as Moateview Avenue i Darndale; Stephen Burke, 28, as Bóthar Bhun Raite (Bunratty Road) sa Chúlóg; Joyce Bergin, 42, as Páirc Cromcastle, An Choill Mhór (Kilmore); Owen Burke, 51, as Newtown Drive, Ayrfield Estate; Martin Maughan, 18, as Chanel Grove sa Chúlóg; agus Paul Metcalfe, 18, ó Botanic Road.
Scaoileadh iad go léir ar bhannaí (bail).
Ó mhí an Mhárta, bhí campa agóide ar bun taobh amuigh d’iar-shuíomh monarchan Crown Paints sa Chúlóg.
Oíche Dé Máirt, áfach, bhog na gardaí na hagóidí as an áit tar éis tuilleadh imeaglaithe.
Bhí an grúpa beag bídeach de lucht agóide bailithe le chéile i rith an lae, cuid acu ag caitheamh balaclavas, agus ag croitheadh bratacha na hÉireann.
Ag thart ar 8.20pm shiúil grúpa fear isteach i lár an bhóthair, chaith siad masla ar na gardaí agus scaoil beirt fhear buamaí tiubh dubh deataigh (smoke bomb) i lár Bhóthar Mhullach Íde (Malahide) – agus ba é sin deireadh a gcuid gníomhartha beaga ionsaí.
Shroich Aonad Ord Poiblí an áit, rinne siad líne agus mháirseáil ar na hionsaitheoirí.
Rith an lucht agóide ag béicíl ‘scumbags’ agus ‘Ireland for the Irish’ chomh maith le ‘You’ll never beat the Irish’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.