Scoileanna sa Fhrainc ag rá oui go hÉirinn agus non go an Bhreatain le Brexit

Tá scoileanna sa Fhrainc ag seachaint turais go dtí an Bhreatain i bhfabhar na hÉireann mar gheall ar Brexit.

Mar gheall ar an maorlathas (bureaucracy) méadaithe a bhaineann le taisteal go dtí an Bhreatain tar éis Brexit, tá roinnt príomhoidí Francacha tar éis a bhfócas a aistriú go hÉirinn.

Rinne eagraí turas amháin gearán gur cosúil é go gceapann Oifig Gnóthaí Baile na Breataine (British Home Office) gur eachtrannaigh mídhleathacha (illegal aliens) iad mic léinn taistil.

Caithfidh cuairteoirí AE pas a thaispeáint seachas cárta aitheantais náisiúnta agus iad ag dul go dtí an Bhreatain.

Ní hé seo an cás do chuairteoirí Éireannacha mar go bhfuil comhaontú taistil ar leith idir Éirinn agus an Bhreatain.

Brexit

Ag labhairt dó leis an Times, dúirt Edward Hisbergues, stiúrthóir eagraí turais scoile na Breataine PG Trips: ‘Taistealaíonn na teaghlaigh [sa Fhrainc] chuig an ionad iarratas ar víosaí (visas) agus is féidir go dtógfaidh sé sin go leor ama agus airgid, má tá cónaí ort i sráidbhaile beag.

‘Íocann siad as an iarratas ar víosa ach ní fhaigheann siad a gcuid airgid ar ais má dhiúltaítear é.

‘Is cosúil go gceapann [Oifig Gnóthaí Baile na Breataine] go bhfanfaidh na daltaí seo sa RA go mídhleathach, ach seolann muid 15,000 dalta in aghaidh na bliana agus níl fhios agam ar aon cheann nár tháinig ar ais.

‘Cén sórt íomhá a thugann sé seo faoin RA?

‘Tá muid i 2023, ní 1400. Is beag mar a cheapann siad go bhfuil siad fós sa Chogadh Céad Bliain.’

Chomh maith le sin níl pasanna (passports) ag go leor teaghlach Francach mar go dtaistealaíonn siad go príomha timpeall limistéar gan teorainn na hEorpa.

Ag cur na fadhbanna atá roimh an earnáil in iúl, dúirt Didier Rys, ceannaire Vauban Lycée in Aire-sur-la-Lys, tuaisceart na Fraince, leis an bhfoilseachán Francach La Voix du Nord go raibh an córas nua ‘trom’.

Dúirt sé: ‘Mar gheall ar Brexit, tá sé ró-shriantach agus ró-thromchúiseach dul chuig ár gcomharsana Sasanacha. Teastaíonn pas uait le haghaidh gach dalta, rud is costas breise do theaghlaigh.’

Dúirt an alt go raibh Éire níos tarraingtí anois mar ‘tá Béarla acu agus níl pas de dhíth ort’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram