Judgement Day do Hutch … agus béile deas eagraithe ag a theaghlach ‘muiníneach’

16/04/2023

Is inniu Lá an Bhreithiúnais (Judgement Day) do Gerry ‘The Monk’’ Hutch ina thriail faoi dhúnmharú – agus tá a theaghlach chomh muiníneach go mbeidh sé saor go bhfuil ‘béile sa bhialann is fearr leo’ eagraithe acu anocht, dar le foinsí.

Déanfar an cinneadh faoi thodhchaí Hutch inniu nuair a thabharfaidh breithiúna a mbreithiúnas ag a thriail faoi dhúnmharú.

Beidh líon mór Gardaí i láthair sna Cúirteanna Coiriúla i mBaile Átha Cliath nuair a gheobhaidh painéal breithiúna Hutch ciontach nó neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne in Óstán an Regency seacht mbliana ó shin.

Hutch. sketch webp
Pictiúr de Gerry Hutch sa chúirt: Tuigtear go bhfuil bord curtha in áirithe (table booked) ag a theaghlach ag ceann de na bialanna is fearr leis anocht

D’fhéadfadh Hutch, a bhí 60 bliain d’aois Dé Máirt seo caite, pianbhreith saoil a fháil, rud a d’fhéadfadh a chiallaíonn go gcaithfeadh sé 20 bliain ar a laghad sa phríosún má fhaightear ciontach i ndúnmharú é.

Deir foinsí slándála go bhfuil sé muiníneach go bhfaighfear saor é agus go bhfuil sé beartaithe aige am a chaitheamh lena theaghlach agus lena chairde in Éirinn sula rachaidh sé ar ais go dtí an Spáinn.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Data pearsanta tógtha ó eagraíocht a bhíonn
ag deileáil le híospartaigh ‘rape’ agus
‘sexual abuse’ in Éirinn

Tuigtear go bhfuil bord curtha in áirithe (table booked) ag a theaghlach ag ceann de na bialanna is fearr leis anocht.

Ní fhillfidh Hutch ar a theach cónaithe in The Paddocks, Cluain Tarbh (Clontarf), i mBaile Átha Cliath, áfach, mar gheall ar bhagairtí báis (death threats).

Má fhaightear neamhchiontach é, fágfaidh sé go luath chun na Spáinne áit a bhfuil tithe aige sa Costa del Sol agus sna hOileáin Chanáracha.

Dowdall
Bhí comhrá deich n-uaire a taifeadadh faoi rún idir Hutch agus iar-chomhairleoir Shinn Féin Jonathan Dowdall ina phointe lárnach le linn na trialach 52 lá

An tseachtain seo caite, fuair Hutch, atá á choinneáil i bpríosún Wheatfield, na céadta cártaí dea-ádh ó chairde, ó theaghlach agus ó lucht tacaíochta.

Chuala an Chúirt Choiriúil Speisialta gur maraíodh David Byrne, a bhí ina ball de cairtéil Kinahan David Byrne, ag meá dornálaíochta (boxing weigh-in) in óstán Bhaile Átha Cliath ar 5 Feabhra 2016.

Fuair Byrne bás tar éis sé bhuille gunna a fháil sa cheann, aghaidh, boilg, lámh agus cosa. Ceaptar go bhféadfadh an lámhach a bheith mar dhíoltas as dúnmharú nia Hutch, Gary Hutch, sa Spáinn in 2015.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Léigh anois é: Christy Dignam ag caint le
Ryan Tubridy faoi bás, eagla, Neamh
agus Ifreann … in agallamh brónach agus cróga

Ghabh póilíní na Spáinne Hutch ar an Costa del Sol, i mí Lúnasa 2021. Bhí sé i bhfolach ann ó d’eisigh an Ard-Chúirt Barántas Gabhála Eorpach (European Arrest Warrant).

Bhí comhrá deich n-uaire a taifeadadh faoi rún idir Hutch agus iar-chomhairleoir Shinn Féin Jonathan Dowdall ina phointe lárnach le linn na trialach 52 lá.

Bhí Dowdall, 44, athair pósta de cheathrar agus iar-chara le Gerry Hutch, le seasamh sa triail freisin as dúnmharú Byrne.

Roimh an triail, áfach, phléadáil sé ciontach as an gcúiseamh ba lú a bhain leis na maraitheoirí a éascú trí sheomra óstáin a chur ar fáil dóibh.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Philly McMahon, réalta na Dubs, ag caint
faoi thionchar heroin ar a dheartháir
tragóideach … agus ar a theaghlach

Rinneadh finné don Stát de.

Tá Dowdall i bpríosún cheana féin tar éis cinneadh ag an Chúirt Choiriúil Speisialta ar feadh ceithre bliana as an gcion sin, agus rinneadh cinneadh gan dul ar aghaidh leis an gcúiseamh dúnmharaithe ina choinne.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram