Insíonn breitheamh san Ard-Chúirt faoin gcaoi a raibh sé ‘harangued’ ag Ammi Burke

Tá sé curtha in iúl ag breitheamh den Ard-Chúirt mar a rinne Ammi Burke é a chiapadh (harangued) agus é ag éisteacht le héileamh go raibh a deartháir Simeon á choinneáil go mícheart sa phríosún.

Tá cinneadh déanta ag an chúirt go bhfuil an mac léinn dlí Simeon Burke á choinneáil go dleathach i bPríosún Chnoc Seamar (Cloverhill).

Dúirt an Breitheamh Brian Cregan nach raibh aon bhunús le haighneachtaí agus imní an Uasail Burke.

burke Ammi 480x672 1
Dhiúltaigh an breitheamh don argóint ach lean Ammi Burke uirthi ag argóint a cás ar feadh roinnt uaireanta

Dúirt sé go bhfuil ‘iarmhairtí ag gníomhartha (actions have consequences)’ agus gur mar thoradh ar a ghníomhartha féin a bhí cás an Uasail Burke.

Ní raibh an tUasal Burke, atá 24 bliain d’aois agus as Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, sa chúirt don rialú.

Dúirt oifigeach príosúin leis an mbreitheamh go raibh an tUasal Burke, atá faoi choimeád, i seomra cúirte in aice láimhe ach nach raibh sé ag iarraidh teacht isteach le haghaidh an rialaithe.

Dúirt sé go raibh teaghlach an Uasail Burke imithe abhaile.

Tá an tUasal Burke ar athchur sa phríosún agus é cúisithe as briseadh síochána tar éis eachtraí sa Chúirt Achomhairc (Appeal Court) go luath an mhí seo caite.

Athchuireadh (remanded) faoi choimeád é le ceart bannaí (bail) a fháil, nach bhfuil glactha aige go fóill.

Séanann sé an cúiseamh agus tá a thriail le bheith ar siúl sa chúirt dúiche Dé Luain.

D’ordaigh an chúirt fiosrúchán faoi dhlíthiúlacht (lawfulness) a choinneála tar éis iarratas óna dheirfiúr, Ammi ar Dé Céadaoin.

Dúirt an tUasal Burke inné go raibh sáruithe bunúsacha (fundamental breaches) ar a chearta bunreachtúla sa chaoi ar baineadh den Chúirt Achomhairc é an 7 Márta.

Dúirt sé gur baineadh den chúirt go héagórach é agus gur gabhadh é. Mhaígh sé nár inis gardaí dó riamh céard a rinne sé mícheart. Dúirt sé gur úsáid siad an iomarca fórsa.

Simeon Burke 2 1 768x448 1
Dhiúltaigh Simmeon Burke ceisteanna a chur nó finnéithe a chroscheistiú

Dúirt Seamus Clarke SC do Ghobharnóir Phríosún Chnoc na Seamar, áfach, go raibh taifead ann ón am ar tháinig an tUasal Burke go Stáisiún Garda Bridewell.

Dúirt sé nach raibh barántas (warrant) ag teastáil ó ghardaí chun duine a bhaint de sheomra cúirte ar mhaithe le hord poiblí, shéan gardaí gur úsáideadh an iomarca fórsa agus dúirt sé gur tugadh cúiseanna lena ghabháil.

Ach dúirt sé, fiú dá mbeadh an ceart ag an Uasal Burke faoi na ceisteanna seo, nárbh chúis leis sin go dtitfeadh an t-ionchúiseamh as a chéile.

Bhí go leor de na saincheisteanna a d’ardaigh an tUasal Burke, a dúirt sé, ina ngnóthaí dá thriail.

Ar maidin Dé hAoine, bhí an Ard-chúirt le féachaint ar phíosaí scannáin CCTV de na himeachtaí lasmuigh den Chúirt Achomhairc ach dúirt Ammi Burke go raibh an fiosrúchán ar fad míbhunreachtúil mar go raibh ar a deartháir dul ar dtús.

Dhiúltaigh an breitheamh don argóint sin ach lean sí uirthi ag argóint a cás ar feadh roinnt uaireanta.

Dúirt an breitheamh nach fuair sé riamh chiapadh (harangued) ar bhealach den sórt sin i gceann 30 bliain.

Nuair a thosaigh an fiosrúchán arís tar éis 2pm, dhiúltaigh an tUasal Burke ceisteanna a chur nó finnéithe a chroscheistiú. Dúirt sé nach raibh an fiosrúchán á reáchtáil de réir an Bhunreachta.

Shéan an Garda Michael McGrath agus an Garda Conor O’Dwyer, ó Stáisiún Gardaí Bridewell, gur ghníomhaigh gardaí I mbealach míréasúnta agus gur inis siad bréaga.

Dúirt an Breitheamh Cregan go raibh sé náireach go raibh ar na breithiúna an binse a fhágáil le linn éisteacht na Cúirte Achomhairc agus nár cheart go mbeadh iontas ar theaghlach Burke go raibh gardaí ag iarraidh iad a bhaint as.

Dúirt an breitheamh go raibh sé sásta freisin ó bheith ag faire ar an CCTV nár úsáid gardaí fórsa iomarcach ar bith, agus nach ndearnadh sárú d’aon ghnó ar chearta an Uasail Burke.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram