Nod ó Biden don DUP le $6 billiún má dhéantar ‘power sharing’ a athbhunú

Tá not tugtha ag Joe Biden don DUP go dtiocfadh $6 billiún d’infheistíocht go dtí an Tuaisceart, má dhéantar comhroinnt cumhachta (power sharing) a athbhunú.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe go mbeadh an airgead ann chun an geilleagar (economy) a threisiú (boost).

I dteachtaireacht a bhí dírithe chuig an DUP, atá ag dhéanamh baghcat ar rialtas Stormont le breis agus bliain, dúirt an tUasal Biden le lucht féachana i mBéal Feirste go raibh infheisteoirí Meiriceánacha réidh le ‘tríú oiread’ a dhéanamh ar an $2bn a infheistíodh cheana féin.

joe biden speach belfast24
Dúirt an tUachtarán Biden: ‘Is í an fhírinne ná go dtéann an tsíocháin agus an deis eacnamaíoch le chéile.’

D’impigh sé ar an DUP filleadh ar na socruithe comhroinnte cumhachta (power sharing) ag Stormont agus dúirt sé go mbeadh ‘rialtas déabhlóidithe éifeachtach’ (effective devolved government)  chun níos mó deiseanna a tharraingt chuig an Tuaisceart.

Chuir ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, fáilte roimh chuairt Biden, áfach, ach dúirt sé nach n-athraíonn sé an dinimic pholaitiúil (political dynamic) sa Tuaisceart.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Téann síocháin agus deis eacnamaíoch le
chéile, deir Biden i mBéal Feirste

Dúirt an tUachtarán Biden: ‘Is í an fhírinne ná go dtéann an tsíocháin agus an deis eacnamaíoch le chéile.’

Mheabhraigh sé d’ionadaithe na gcúig pháirtí is mó sa Tuaisceart, a bhí ina suí ag tosach an halla éisteachta, cé chomh bunathraithe (transformative) is a bhí Comhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement), 25 bliain ó shin.

Agus d’impigh sé orthu an t-am atá caite a chur ina ndiaidh agus féachaint ar aghaidh.

‘Sna 25 bliain ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, tháinig méadú faoi dhó ar olltáirgeacht intíre (gross domestic product, GDP) Thuaisceart Éireann,’ a dúirt sé.

joe biden belfast
Joe Biden: ‘Tá sé fúinne é seo a choinneáil ag imeacht, leanúint ar aghaidh san obair atá déanta gach lá le 25 bliain anuas.’

Agus le ‘díreach deich mbliana anuas’ bhí beagnach $2 billiún in infheistíocht SAM imithe isteach sa gheilleagar, a dúirt sé.

‘Tá mé ag tuar duit má leanann rudaí ar aghaidh ag bogadh sa treo ceart, méideoidh an figiúir sin faoi níos mó ná faoi thrí,’ a dúirt sé.

Dúirt sé: ‘Tá scóir de chorparáidí mora Meiriceánacha ag iarraidh teacht anseo, ar mian leo infheistíocht a dhéanamh. Tá go leor acu i dTuaisceart Éireann cheana féin.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Ní bheidh mórán tráchta in ann
bogadh le cuairt Biden

‘Tá sé fúinne é seo a choinneáil ag imeacht, leanúint ar aghaidh san obair atá déanta gach lá le 25 bliain anuas.’

Rachaidh toscaire speisialta eacnamaíoch (special economic envoy) an Uasail Biden don Tuaisceart, Joe Kennedy III, go dtí an Tuaisceart le toscaireacht trádála (trade delegation) ‘b’fhéidir níos déanaí i mbliana’ chun ‘supercharge’ a dhéanamh ar shraith nua infheistíochtaí, a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Kennedy níos déanaí gur lorg corparáidí na Stát Aontaithe cobhsaíocht (stability) i gcónaí mar réamhriachtanas (prerequisite) infheistíochta.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram