Téann síocháin agus deis eacnamaíoch le chéile, deir Biden i mBéal Feirste

12/04/2023

Dhearbhaigh an tUachtarán Joe Biden gurb ionann todhchaí an Tuaiscirt agus ‘todhchaí Mheiriceá’, agus mhol sé na deiseanna eacnamaíocha don réigiún.

‘Is é bhur stair ár stair, ach is tábhachtaí fós é a rá gurb ionann bhur thodhchaí agus todhchaí Mheiriceá,’ a dúirt sé le linn a chuid cainte in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.

‘Is é Béal Feirste an lae inniu croílár Thuaisceart Éireann agus tá sé ar tí deiseanna agus infheistíocht eacnamaíoch gan fasach (unprecedented) a thiomáint, ó phobail ar fud na RA, ar fud na hÉireann agus ar fud na Stát Aontaithe. Is í an fhírinne ná go dtéann an tsíocháin agus an deis eacnamaíoch le chéile.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Imní ar na Gardaí go bhféadfadh nasc meáin
shóisialta a bheith le bás beirt déagóirí

‘Sna 25 bliain ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, tháinig méadú faoi dhó ar olltáirgeacht intíre (gross domestic product, GDP) Thuaisceart Éireann.’

Joe Biden
Joe Biden in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste Pic: Jim Watson/AFP via Getty Images

Dúirt an t-uachtarán nach dtiocfadh feabhas ar an bhfigiúr sin ach amháin má ‘leanann rudaí ag bogadh sa treo ceart’.

Dúirt sé: ‘Tá scóir de chorparáidí mora Meiriceánacha ag iarraidh teacht anseo, ar mian leo infheistíocht a dhéanamh. Tá go leor acu i dTuaisceart Éireann cheana féin.’

Ag tagairt níos déanaí do lámhach an Phríomhchigire Bleachtaire John Caldwell san Ómaigh, dúirt an tUachtarán Biden gur léirigh an fhreagairt pholaitiúil ‘nach mbeidh naimhde na síochána i réim’.

‘Ní rachaidh Tuaisceart Éireann ar ais, le cúnamh Dia.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
An bhfuil an teach ‘fully insured’ tar éis
ardú ar chostais tógála?

‘Ba mheabhrúchán crua (hard reminder) é an t-ionsaí sin, go mbeidh iad siúd ar mhaith leo scrios, seachas atógáil, i gcónaí ann.

‘Ach is é seo ceacht Chomhaontú Aoine an Chéasta: ag na hamanna a cheaptar go bhfuil rudaí leochaileach nó briste go héasca, is é sin an uair is mó a bhíonn gá le dóchas agus le hobair chrua.’

Joe Biden
Joe Biden i mBéal Feirste Pic: Aaron Chown/PA Wire

Thug Uachtarán na Stáit Aontaithe ómós freisin do lucht déanta na síochána lena n-áirítear na ‘mná ceannródaíocha a dúirt “Is leor sin” agus a d’éiligh athrú, na ceannairí polaitiúla agus ‘iarrachtaí iontacha’ a ‘chara mhaith’ Seanadóir George Mitchell chun Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt i gcrích.

‘Tá a chuid ama ag feidhmiú mar thoscaire speisialta (special envoy) do Thuaisceart Éireann ar cheann de na samplaí iontacha i stair, ar an duine ceart a bheith ann, don phost ceart, ag an am ceart i mo thuairim,’ a dúirt an tUasal Biden faoin Uasal Mitchell.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Sláinte! D’fhéadfadh piolla nua deireadh
a chur le ‘hangover’

‘Sílim uaireanta, go háirithe le fad na staire, go ndéanaimid dearmad ar cé chomh dian agus a bhí sé teacht ar an tsíocháin sin. D’aistrigh sé an domhantarraingt pholaitiúil (political gravity) inár shaol,’ a dúirt sé

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram