Tá easpa múinteoirí i scoileanna mar gheall ar cíosanna arda, a mhínigh múinteoir i scoil Ghaeilge i mBré.
Labhair an múinteoir Cónall Ó Dufaigh amach agus é ag teacht chun solais go bhfuil géarchéim earcaíochta (recruitment) sna meánscoileanna.
Dúirt an tUasal Ó Dufaigh go raibh ganntanas ar leith de múinteoirí a bhí sásta tabhairt faoi teagasc trí Ghaeilge.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
So! Níl Gaeilge agat? Well, léigh é
seo agus freagair an cheist ag an deireadh
Dúirt sé freisin: ‘D’fhéadfadh tionchar an-chontúirteach a bheith aige ar sheasmhacht na scoileanna Gaeilge.’
Cuireadh an milleán ar an ngéarchéim tithíochta agus ar an gcostas ard cíosa. Sin an fath go bhfuil sé deacair múinteoirí a aimsiú.
Mar aon le sin spreag an easpa múinteoiri imní mhór faoi chaighdeán an oideachais a fhaigheann daltaí.
Caithfidh na scoileanna múinteoirí neamhcháilithe a fháil, ábhair a ghearradh agus srian a chur ar ghníomhaíochtaí taobh amuigh den churaclaim.
Tá sé ráite ag trí cheathrú de phríomhoidí scoile nach bhfuair siad aon fhreagra ar phoist mhúinteoireachta a fógraíodh sa scoilbhliain reatha.
Tá folúntas múinteoireachta amháin, ar a laghad, ag beagnach leath de na meánscoileanna ar fad, a d’aimsigh pobalbhreith Red C de 2,100 ball de Chumann Meánmhúinteoirí Éireann (Association of Secondary Teachers Ireland, ASTI).
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Bagairt ChatGPT don Ardteist á fhiosrú ag ceannairí scrúduithe
Mar thoradh air sin, tá múinteoirí riachtanas speisialta (special needs) á chur chuig dualgais eile, agus ranganna ardleibhéil agus gnáthleibhéil á gcumasc (merged).
Agus mhínigh an tUasal Ó Dufaigh cé chomh dona is atá an scéal.
Múineann sé Béarla agus stair i gColáiste Ráithín, scoil Ghaeilge i mBré, Co. Chill Mhantáin.
Dúirt sé go bhfuil an mheánscoil, ina bhfuil thart ar 300 dalta, buailte go dona ag ganntanas múinteoirí, agus gurb é costas tithíochta sa cheantar an phríomhchúis leis.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Béile scoile te do gach dalta bunscoile: Gealltanas ón Aire
Tá an meánchíos ar sheomra i dteach idir €1,100 agus €1,200, agus dúirt sé go raibh a fhios aige ar mhúinteoirí a raibh orthu imeacht tar éis bliana, mar go raibh a gcuid pá ar fad imithe sa chíos.
Tá folúntais ag an scoil anois do mhúinteoirí i gcroí-ábhair ar nós an Bhéarla, na matamaitice agus na ceimice.
‘Is é an toradh a bhí air ná go bhfágann daltaí an scoil ar thóir na n-ábhar is mian leo a dhéanamh,’ a dúirt sé.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.