Tá an Rialtas cáinte ag an ngrúpa Women of Honour. Dúirt siad nár cuireadh iad ar an eolas faoi imscrúdú nua na nGardaí.
Díreoidh an t-imscrúdú ar ‘chreachadóirí’ (predators) laistigh d’Óglaigh na hÉireann.
Labhair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris faoi oibríocht speisialta chun déileáil le mí-úsáid ghnéasach laistigh d’Óglaigh na hÉireann.
Tagann nuacht na hoibríochta seo i ndiaidh foilsiú na tuarascála neamhspleách a nochtaigh liosta d’iompraíocht choiriúil agus chlaonta in aghaidh mná san Arm, le breis agus 40 bliain.
Dúirt na Women of Honour, áfach, go bhfuil sé náireach nach bhfuil an t-imscrúdú seo ag tarlú ach anois, agus tá siad ag iarraidh ar an bhFiosrúchán Reachtúil (Statutory Inquiry), nuair a chuirfear ar bun é, imscrúdú a dhéanamh ar cad a tharla don iliomad gearán stairiúil.
Dúirt siad freisin go bhfuil muinín á chailleadh acu as an Tánaiste agus an tAire Cosanta Micheál Martin agus dúirt siad go bhfuiltear ag caitheamh leo ar an mbealach céanna a chaith an t-iarAire Cosanta Simon Coveney leo.
Dúirt an grúpa Women of Honour nach bhfuair siad amach faoi oibríocht nua na nGardaí go dtí gur chuala siad thuairiscí faoi sna meáin.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Marú Michaela Harte: Fear céile John
fós buartha faoi iarratas a rinne sé ar an óstán
De réir ráiteas ona Women of Honour: ‘Cuirimid fáilte roimh chinneadh Choimisinéir an Gharda Síochána aonad creachadóirí a bhunú d’Óglaigh na hÉireann.
‘Mar sin féin, tá sé náireach nach bhfuil sé seo ag tarlú ach anois.
‘Níor chualamar ó aonad imscrúdaithe an Gharda Síochána go dtí inniu, tar éis dhá bhliain, agus tá cruinniú iarrtha againn leis an gCoimisinéir Harris.
‘Anois, agus an t-ábhar seo á phlé ag an gCoimisinéir, beimid ag iarraidh go ndéanfaidh an binse fiosrúcháin reachtúil scrúdú ar an méid a tharla don iliomad gearán stairiúil maidir le hÓglaigh na hÉireann, nach ndeachaigh aon áit faoi na gardaí le na blianta anuas.’
Dúirt an ráiteas go raibh sé ‘in am’ go stopfaí Óglaigh na hÉireann ó iad féin a fhiosrú.
Dúirt siad freisin go mbraitheann siad go bhfuil dochar á dhéanamh dá ‘mhuinín leochaileach’ as an Rialtas mar gheall ar easpa comhairliúcháin (consultation) maidir le bunú coiste nua maoirseachta (oversight) chun fáil réidh leis an chultúr seo de mhí-úsáid agus ciapadh (harassment) líomhnaithe in Óglaigh na hÉireann.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Easpa múinteoirí mar gheall ar cíosanna
arda. An bhfuil oideachas ceart á fháil ag na daltaí?
‘Ní dhearnadh aon chomhairliúchán, ní dhearnadh aon chomhoibriú, ní dhearnadh trácht ar aon cheann de na ceisteanna seo.
Is léiriú arís é ar iompar an Aire Cosanta deiridh [Simon Coveney] ar an nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách (IRG) inar thug sé fait accompli ar a théarmaí tagartha agus a bhallraíocht,’ a dúirt an grúpa.
‘Ní ghlacfaimid leis sin arís agus tá an tUasal Martin ag chur brú ar muinín, atá leochaileach cheana féin, leis féin agus lena Rialtas.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
ChatGPT á úsáid cheana
féin ag coirpigh, a deir Europol
‘Bhí súil againn go mbeadh sé difriúil agus thugamar cúirtéis dó, in ainneoin an amhras, ach tá sé ag éirí soiléir nach féidir leis róil an Tánaiste agus an Aire Cosanta a scaradh óna chéile.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.