Phléadáil Donald Trump neamhchiontach (not guilty) tar éis é de 34 cúiseamh coiriúla (criminal charges) a chur in a aghaidh i Nua-Eabhrac (New York).
Bhí an t-iar-uachtarán na Stát Aontaithe sa chúirt Dé Máirt, áit ar fhoghlaim sé faoi na cúisimh ina choinne don chéad uair.
Níor thug sé ráitis ná níor fhreagair sé ceisteanna ó thuairisceoirí roimh ré.
Chuir ionchúisitheoirí (prosecutors) Manhattan i leith Trump scannal gnéis féideartha a chlúdach, le linn fheachtas uachtaránachta 2016.
Agus tá 34 cúiseamh coiriúla léirithe acu i gcoinne Trump, an billiúnaí gnó a bhfuil súil aige anois le triail choiriúil náireach.
Díotáileadh (indicted) Trump an tseachtain seo caite – agus é ar an gcéad iar-uachtarán Mheiriceá a chuir cúisimh choiriúla i leith – agus ghéill sé do na húdaráis i Manhattan tráthnóna Dé Máirt.
Tháinig ‘motorcade’ Trump le 11-fheithicil ag oifig an Ionchúisitheoir Dúiche díreach roimh 1.30pm.
Le linn dó a bheith faoi choimeád, rinneadh méarloirg (fingerprints) air mar aon chosantóir feileonachta, ach rinneadh socruithe speisialta don iar-uachtarán.
Níor chaith sé ach tamall gairid faoi choimeád agus ní rabhthas ag súil go gcuirfí glas lámh air nó go dtógfaí a ‘mugshot’.
Nuair a tháinig Trump isteach sa seomra cúirte bhí sé feargach le feiceáil, agus bhí a chomhairleoir dlí, Boris Epshteyn, agus na dlíodóirí a láimhseáil an cás seo, Todd W. Blanche, Susan R. Necheles agus Joseph Tacopina in éineacht leis.
Dhiúltaigh Trump labhairt, in ainneoin gur chuir cúntóirí in iúl go bhféadfadh sé.
Áirítear leis na cúisimh taifid ghnó bréagacha a chomhdú sa chéad chéim, feileonacht ísealleibhéil a iompraíonn uasmhéid de cheithre bliana sa phríosún do gach comhaireamh, ach má chiontaítear é d’fhéadfadh breitheamh pianbhreith promhaidh (probation) a ghearradh air.
Tagann na cúisimh i gcoinne Trump as íocaíocht ‘hush-money’ $130,000 a rinne an dlíodóir Michael D Cohen do Stormy Daniels, réalta ‘porn’, sna laethanta deiridh d’fheachtas 2016.
Chinntigh an íocaíocht nach mbeadh sí ag labhairt amach lena scéal maidir le caidreamh gnéis le Trump. Dúirt Cohen go rinne sé an íocaíocht faoi threoir Trump,.
D’aisíoc Trump Cohen, a deir ionchúisitheoirí, ar bhealach a cheilt nádúr fíor an t-íocaíocht.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.