Comlachtaí móra ag ceannach tithe atá gnáth teaghlaigh ag iarraidh

03/04/2023

Tá comlachtaí móra tiarnaí talún agus ‘cuckoo funds’ ag ceannach tithe aonair a bhíonn ag teastáil ó cheannaitheoirí céaduaire (first-time buyers) agus ó ghnáth teaghlaigh.

Tá brú ar an Rialtas freisin stop a chur leis na comhlachtaí infheistíochta móra seo ó bheith ag baint leasa as bealaí éalaithe (loopholes) chun cáin a sheachaint.

Tugadh reachtaíocht isteach chun stop a chur le na ‘cuckoo funds’ eastáit tithíochta nach mór ar fad a cheannach.

Mar sin féin, cheannaigh cuid de na comhlachtaí seo, atá bunaithe thar lear, suíomhanna (sites) agus tógadh tithe orthu.

 comlachtaí móra
Aire Tithíochta Darragh O’Brien

Anois, tá na comhlachtaí seo ag díriú ar tithe aonair, dar le hurlabhraí tithíochta na nDaonlathaithe Sóisialta (Social Democrats), Cian O’Callaghan.

Tá cásanna tuairiscithe ag an Irish Mail on Sunday freisin faoi cheantálaithe (auctioneers) ag socrú díolacháin phríobháideacha tithe le comhlachtaí, tar éis dó a rá le cliaint nach raibh aon ghá a dtithe a fhógairt.

Tagann sé seo agus tiarnaí talún beaga ag fágáil an mhargaidh agus ag fágáil ganntanas mór tithe, agus chuir an Aire Tithíochta Darragh O’Brien deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú (evictions) ag an deireadh seachtaine.

Tá na mílte fógraí chun a dtithe a fhágáil seolta chuig tionontaí (tenants).

comhlachtaí
Cheannaigh cuid de na comhlachtaí, atá bunaithe thar lear, suíomhanna agus tógadh tithe orthu

Agus dúirt an tUasal O’Callaghan: ‘Is fíorbheagán cánach a íocann tiarnaí talún institiúideacha.

‘Ba cheart é seo a leibhéalú ionas nach dtiteann an t-ualach (burden) cánach go príomha ar thiarnaí talún beaga.

‘Níl sé sin cothrom. Cuid den chóras chánach do na tiarnaí talún institiúideacha ná na díolúintí (exemption) atá tugtha dóibh thar na blianta, agus mar sin tá an ráta éifeachtach cánach a íocann siad tite go mór.

‘Mar sin ní mór don Roinn Airgeadais bearta a thabhairt isteach chun na bealaí éalaithe seo a dhúnadh.’

comhlachtaí
Cian O’Callaghan

Dúirt Cumann Úinéirí Réadmhaoine na hÉireann (Irish Property Owners Association, IPOA) go bhfuil suas le 46 tiarnaí talún beaga tar éis an margadh a fhágáil gach seachtain ó Fhómhar na bliana 2021.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil ar a laghad níos mó ná 3,000 úinéir príobháideacha tar éis an margadh cíosa a fhágáil le 18 mí anuas amháin.

Glactar leis go forleathan, áfach, go bhfuil fairsinge an éalaithe i bhfad níos mó toisc nach ndéanann staitisticí oifigiúla ach taifead orthu siúd a chláraigh a réadmhaoin (property) leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (Residential Tenancies Board, RTB).

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram