Ag labhairt dó faoi Queen Elizabeth na Breataine, Princess Diana, Richard Nixon, Oprah Winfrey agus Hillary Clinton deir Donald Trump gur ‘phóg siad mo thóin’.
Bhí sé ag labhairt faoi leabhar nua litreacha a sheol daoine cáíliúla chuige.
Tá 150 litir i Letters to Trump chuig Trump, ó dhaoine cáiliúla lena n-áirítear Kim Jong-un agus Ronald Reagan freisin.
Tá siad ón am roimh, agus tar éis, dó a bheith mar uachtarán sna Stáit Aontaithe.
Tá sé le foilsiú an mhí seo chugainn.
Dúirt Trump le Breitbart News, suíomh nuachta atá i bhfad amach ar an eite dheis: 'Bhí aithne agam orthu go léir – agus phóg gach duine acu mo thóin. Agus anois níl agam ach a leath acu ag pógadh mo thóin.'
Dúirt a mhac Donald Trump Jr go raibh ‘cuid de na daoine is suimiúla ar domhan’ i dteagmháil lena athair ach ‘tá sé iontach cé chomh tapa agus a d’athraigh siad a meoin dó nuair a rith sé le bheith mar uachtarán Phoblachtánaigh.
‘Taispeánann Letters to Trump duit go beacht conas a mhothaigh siad mar gheall air agus cé chomh meallta is atá a ndíomailt nua.’
Tá Trump ag lorg ainmniúchán uachtaránachta na Phoblachtánaigh in 2024 ach tá sé fós faoi bhagairt díotáil choiriúil (criminal indictment) lena n-áirítear cúiseamh go luath i Nua-Eabhrac a bhaineann le hairgead a íocadh le réalta porn.
Tá sé faoi imscrúdú freisin maidir le hábhar rúnaicmithe (confidential documents) a choinneáil, lena n-áirítear litreacha ó Kim Jong-un a tuairiscíodh.
Leanann Trump ag éileamh go raibh a bhua ag Joe Biden in 2020 mar thoradh ar chalaois toghcháin (election fraud), an bréag a spreag ionsaí an Capitol i Washington.
Deir tuairiscí faoin leabhar nua go ndeir litir ó Oprah Winfrey ó 2000: ‘Is ró-olc nach bhfuilimid ag rith don oifig. Sin foireann iontach!'
Agus é ag gabháil buíochais le Trump as a mholtaí, deir an t-óstach teilifíse: ‘Is rud amháin é iarracht a dhéanamh saol ionracais a chaitheamh – rud eile fós le daoine mar tú féin é sin a thabhairt faoi deara.’
De réir tuairiscí, scríobh Trump: ‘Faraor, a luaithe is a d’fhógair mé don uachtarán [in 2015], níor labhair sí liom arís.’
Díolfar Letters to Trump ar $99 gan síniú nó $399 sínithe. Leanann sé leabhar daor eile, Our Journey Together, cuntas amhairc go príomha ar am Trump sa Teach Bán.
D’fhoilsigh Trump a phictiúrleabhar tar éis dó bac a chur ar phleananna do ghrianghrafadóir sa Teach Bán leabhar dá cuid féin a fhoilsiú.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.