Dúirt an t-iar-aire sinsearach go raibh brón air dá mbeadh daoine gortaithe tar éis ráiteas a thug sé sa Dáil, le linn díospóireachta faoin gcosc ar dhíshealbhú.
Barry Cowen sa Dáil
Dúirt an Teachta Dála Laoise-Uíbh Fhailí (Laois-Offaly TD nach réiteodh síneadh (extending) an choisc ar dhíshealbhú an ghéarchéim tí agus chuir sé i gcomparáid é le ‘milseáin a sholáthar saor in aisce do pháistí’.
Dúirt Teachtaí Dála an Fhreasúra gur náire an rud a bhí á rá aige, agus fiú dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nár cheart dó na focail sin a úsáid.
Seán Ó Fearghaíl
Ag labhairt dó ar Today le Claire Byrne ar RTÉ, dúirt sé nach raibh sé ar intinn aige olc a chur ar aon duine, ach díriú ar na réitigh atá ar fáil.
Dúirt TD de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Riordáin ar Twitter go raibh ‘stunned faces’ le sa Dáil mar gheall air, agus dúirt TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialacha, Cian O’Callaghan, go raibh na tuairimí ‘shocking’ agus ‘an utter disgrace’.
Analach (analogy) a bhí san abairt, a dúirt an tUasal Cowen, agus dúirt sé go bhféadfadh sé úsáid a bhaint as ceann eile ar nós ‘ní shocraíonn páipéarachas thar na scoilteanna na ballaí go fadtéarmach’.
Tá an Rialtas ag cur an maoiniú is mó riamh ar fáil do thithíocht shóisialta agus tá infheistíocht á déanamh acu i go leor tionscnamh, a dúirt sé.
Leo Varadkar Pic Tom Honan
Shéan an tUasal Cowen go bhfuil sé bainte den réaltacht.
Is scannal i gcónaí é nuair a bhíonn an méid sin leanaí agus daoine eile gan dídean, a dúirt sé, ach ní scannal é go bhfuil an Rialtas seo ag caitheamh a dhá oiread níos mó ná aon tír eile san AE ar thithíocht shóisialta.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nár shíl sé gur analach maith a bhí ann agus go bhfuil sé cinnte go n-aontódh an tUasal Cowen ‘nárbh iad na focail chearta le húsáid’.