Tá íospartach Creeslough, a chaill a chailín sa phléasc, abhaile ón ospidéal faoi dheireadh

20/03/2023

Tá fear óg a chaith seachtainí i riocht criticiúil tar éis an pléascadh I gCraoslach (Creeslough), inar chaill a chailín a saol go tragóideach, scaoileadh amach as an ospidéal agus tá sé ag teacht chucu féin sa bhaile anois.

Bhí Conor McFadden, atá ina 20idí, ina árasán lena chailín Jessica Gallagher ar an 7 Deireadh Fómhair nuair a tharla an pléasc i Stáisiún Seirbhíse Applegreen agus na foirgnimh in aice leis.

D’fhulaing an tUasal McFadden dónna troma agus tugadh go hOspidéal Ollscoile Leitir Ceanainn é sular tógadh é go dtí Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath. Fuair a chailín agus naonúr eile bás sa tragóid.

Creesough scene6

Dúirt foinse atá gar don teaghlach: ‘Ní raibh a ghortuithe chomh fairsing agus a ceapadh ar dtús agus mar sin tá sé buíoch as an ospidéal anois agus é ag téarnamh sa bhaile lena theaghlach.’

Ag Aifreann sochraide Jessica, ghuigh an tAthair John Joe Duffy go n-éireodh leis an Uasal McFadden, ag rá go raibh ‘an-chuid grá aige do Jessica’.

Ba chéimí faisin agus margaíochta í Jessica, 24, ón Acadamh Faisin Idirnáisiúnta i bPáras. Tugadh áit di ansin chun a cuid staidéir a dhéanamh i Shanghai.

An tseachtain roimh a bás, bhí sí le tosú ar phost mar dhearthóir (designer) faisin i mBéal Feirste.

Creeslough garage 4

Chomh math le sinn tá níos mó ná €600,000 tugtha ag Crois Dhearg (Red Cross) na hÉireann do theaghlaigh íospartaigh an Chraoslaigh agus dóibh siúd a ndeachaigh an tragóid i bhfeidhm orthu.

Dúirt rúnaí ginearálta na carthanachta, Liam O’Dwyer, leis an Irish Daily Mail: ‘Faoi láthair, seasann na cistí ag €1.83 milliún.

‘Bhí roinnt cruinnithe againn leis an bpobal agus táimid ag dul ar ais díreach tar éis na Cásca chun úsáid deiridh na gcistí atá fágtha a phlé,’ a dúirt sé.

Níos luaithe an tseachtain seo, thug an Rialtas le fios go gcuirfear €500,000 ar fáil chun tacú le pobal an Chraoslaigh.

Ar leithligh, tá €500,000 eile bailithe trí thiomsaitheoir airgid GoFundMe.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram