‘Seething resentment’: Silver ciontach i ndúnmharú Garda Horkan

Tar éis dhá thriail d’aimsigh giúiré (jury) Stephen Silver ciontach i ndúnmharú caipitil.

Lámhaigh sé Bleachtaire Garda Colm Horkan 11 uair lena ghunna féin.

Rinne an giúiré de sheachtar fear agus cúigear ban, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, plé ar feadh ocht n-uaire agus 39 nóiméad ar fad sular thug siad a mbreithiúnas ar ais Dé Céadaoin.

Gheobhaidh Silver an phianbhreith éigeantach íosta de 40 bliain sa phríosún.

Chualathas sa triail go raibh an-mheas ar Garda Horkan sa Ghardaí agus go raibh 25 bliain seirbhíse aige, agus nach raibh aon cheisteanna smachta ar a thaifead.

HOrkanColm Horkan
Garda Colm Horkan

Dúirt an t-ionchúiseamh (prosecution) leis an ngiúiré go raibh ‘seething resentment’ ag Silver i leith na ngardaí agus gur ‘gníomh d’aon ghnó a rinneadh sé, le hintinn dúnmharaithe’ nuair a lámhach sé Garda Horkan.

Phléadáil Silver, 46, meicneoir gluaisrothair as Aughaward, Béal Easa (Foxford), Co. Mhaigh Eo, neamhchiontach i ndúnmharú an Bhleachtaire Gharda Horkan.

Phléadáil sé ciontach i ndúnorgain (manslaughter) mar gheall ar fhreagracht laghdaithe (diminished responsibility), sa Chaisleán Riabhach (Castlerea), Co. Ros Comáin ar 17 Meitheamh 2020.

Dúradh leis an ngiúiré gurb í an phríomhcheist sa triail ná staid aigne Silver tráth an lámhaigh.

Chuala siad ó Silver gur chreid sé go raibh Garda Horkan fear foréigneach ‘anuas ó Bhaile Átha Cliath’, a bhí ag iarraidh é a mharú.

Dúirt sé go raibh Garda Horkan ag caitheamh seaicéad Tommy Hilfiger agus ‘nár tháinig sé trasna’ mar gharda. Dúirt sé go raibh troid eatarthu sular thit sé go talamh, agus nuair a d’éirigh sé mhothaigh sé an gunna ar chromán an Gharda Horkan.

Stephen Silver
Stephen Silver

‘Bhí a lámh aige ar an ngunna agus bhí mo lámh ar an ngunna agus bhí muid ag troid. Tháinig an gunna amach; níorbh fhéidir liom a rá leat cé a thóg amach é,’ arsa Silver.

Dúirt sé gur bhraith sé go raibh Garda Horkan ‘ag iarraidh mé a mharú’.

‘Choinnigh mé ag lámhach go dtí gur chríochnaigh an gunna agus ní raibh aon lón lámhaigh (ammunition) fágtha,’ a dúirt Silver.

Chuala an giúiré fianaise freisin ón Dr Brenda Wright, stiúrthóir cliniciúil eatramhach ag an bPríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar (Central Mental Hospital), a dúirt gurbh é a tuairim go raibh tinneas Silver ag an am ar mharaigh sé Garda Horkan chomh mór sin gur chuir sé isteach ar a smaoineamh agus ar a bhreithiúnas.

Mar fhinné don ionchúiseamh, dúirt an síciatraí comhairleach, an tOllamh Harry Kennedy, leis an ngiúiré nach bhfuair sé ‘aon fhianaise dhearfach’ gur fhulaing Silver athiompaithe de mhí-ord bipolar affective ag an am a lámhaigh sé Garda Horkan marbh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram