Níl na Social Democrats chun aontú le Labour, a deir Jennifer Whitmore TD

Diúltóidh na Daonlathaithe Sóisialta (Social Democrats) aon iarracht teacht le chéile le Páirtí an Lucht Oibre, a deir Jennifer Whitmore, TD mór le rá.

Deir Ms Whitmore go bhfuil cuimhní searbha fós ar Pháirtí an Lucht Oibre ag déanamh ciorruithe.

Agus fuair an seasamh borradh ón bpobalbhreith is déanaí tar éis do Holly Cairns teacht mar cheannaire nua.

Jennifer Whitmore Holiday Homes 768x448 1
Jennifer Whitmore

‘Lig Páirtí an Lucht Oibre an oiread sin daoine síos le linn na an “austerity”. Is é an príomh-íomhá atá agam den am sin ná Joan Burton ag gáire agus í ag oscailt banc bia (food bank),’ a dúirt Ms Whitmore leis an Irish Mail on Sunday.

Bhí an TD as Chill Mhantáin ar dhuine de na daoine a bhí in iomaíocht le haghaidh an ceannaireacht tar éis éirigh as Róisín Shortall agus Catherine Murphy.

Dúirt sí go bhfuil a bheartais féin ag an bpáirtí in ábhair thábhachtacha mar thithíocht, chun tacaíocht a bhuachan roimh an gcéad olltoghchán eile.

Holly Cairns 2
Holly Cairns

Tá tacaíocht chomhcheangailte na Daonlathaithe Sóisialta agus an Lucht Oibre 12%, agus tá seans ann go mbeidh an dá pháirtí imithe i léig mura bhfaigheann siad na haistrithe vóta ó Shinn Féin agus a fuair siad in olltoghchán 2020.

Dúirt Ms Whitmore, áfach, go ndíreodh a páirtí ina ionad sin ar an gcuid den daonra a bhfuil míshuaimhneas orthu sa pholaitíocht thraidisiúnta.

Agus tugadh borradh faoi na Daonlathaithe Sóisialta leis an bpobalbhreith is déanaí.

mary lou mcdonald 1 1 768x448 1
Mary Louy McDonald agus Sinn Féin fós ar barr

Mhéadaigh siad a dtacaíocht faoi dhó le mí anuas, agus is é Sinn Féin an páirtí is mó a bhfuil éileamh orthu fós.

Reáchtáladh pobalbhreith Ireland Thinks don Sunday Independent Dé hAoine, dhá lá tar éis do TD Iardheisceart Chorcaí Holly Cairns a bheith ina ceannaire nua ar na Daonlathaithe Sóisialta.

Léiríonn an pobalbhreith go bhfuil tacaíocht Shinn Féin tite dhá phointe, agus anois ag 29%.

Léiríonn sé freisin gur tháinig laghdú pointe amháin ar thacaíocht Fhine Gael go 21%.

Mar sin féin, tá Fianna Fáil ag 19%, suas pointe céatadáin amháin.

Leo Varadkar 2
Thit an tacaíócht do Leo Varadkar agus Fine Gael

Ba do na Daonlathaithe Sóisialta an t-athrú is mó, agus thug an pobalbhreith le fios gur mhéadaigh an páirtí a thacaíocht go 9% – suas 5 phointe céatadáin.

Níl aon athrú ar thacaíocht an Chomhaontais Ghlais ag 4%. Thit Páirtí an Lucht Oibre agus Aontú araon pointe chun seasamh ag 3%.

Tá Daoine Roimh Bhrabús/Solidarity ag 2%, síos pointe céatadáin amháin, agus tá daoine Neamhspleách agus daoine eile gan athrú ag 10%.

Chuir Ireland Thinks agallamh ar níos mó ná 1,162 vótálaí dá vótaíocht ar 3 Márta.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: ‘Ice’ agus ‘snow’ ag teacht: Stádus Buí rabhadh ó Met Éireann le oighir don tír ar fad

Dúirt Ms Whitmore: ‘Ní oibríonn na seanbhealaí chun rudaí a dhéanamh, is páirtí muid a bhreathnaíonn ar an todhchaí.’

Dúirt sí go bhfuil sé beartaithe ag na Daonlathaithe Sóisialta bheith ar an margadh do vótaí na ndaoine sin nach bhfuil páirtí ar bith acu le tacaíocht a thabhairt. Is é an post atá againn ná rogha eile polaitíochta a sholáthar dóibh.’

Dúirt sí freisin go bhfuil na Daonlathaithe Sóisialta ag díriú ar an 10% céanna de na toghthóirí ar dhírigh ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan air. Tá an tUasal Ryan ag iarraidh líon suíochán a pháirtí sa Dáil a dhúbailt.

Eamon Ryan M50 768x448 1
Eamon Ryan ag iarraidh líon suíochán an Chomhaontais Ghlais sa Dáil a dhúbailt

Chuir Ms Whitmore síos ar thoghadh Ms Cairns mar cheannaire mar ‘cruthúnas go bhfuil an páirtí anseo go deo, le fás agus le rialú’.

Dúirt sí go bhfuil a ceannaire páirtí 33 bliain d’aois agus an ceannaire is óige ar aon pháirtí Dála agus go mbeidh an bua ag vótóirí níos óige.

Dúirt Ms Whitmore freisin: ‘Is aitheantas é roghnú Holly go bhfuil dearmad déanta ag an rialtas seo agus ag rialtais i ndiaidh a chéile ar ghlúin óg. Tá daoine óga ag dul ar imirce. Tá daoine óga ag fáil amach nach féidir leo a bheith ina n-úinéirí tí.

NÍOS MÓ NUCHT CLIC ANSEO: ‘Scones’ don múinteoir? Deir Enoch Burke go bhfuil tacaíocht aige sa scoil ó dhaltaí agus tuismitheoirí

‘Níl sé d’acmhainn acu cónaí in Éirinn. Níl sé d’acmhainn acu a bheith tinn in Éirinn. Tá saol an-dian acu. Níltear ag déanamh ionadaíochta orthu agus níltear ag éisteacht leo. Ní féidir leis an mBunaíocht (Establishment) iad a chloisteáil.’

Dúirt Ms Whitmore freisin go ndéanann a ceannaire nua ionadaíocht ar an Éire nua, ach go bhfuil sí ag cosaint na ndaoine sin nach bhfuil aon chumhacht acu freisin, ar nós ionadaithe na máthar agus na leanaí [marthanóirí]. ‘

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram